Ní féidir agus ní hacmhainn don tír fás agus forbairt a chothú ar fud na tíre. Tá rogha le déanamh…

Maidir le síorfhás Bhaile Átha Cliath, is fiú aird a thabhairt ar chomhairle an ESRI, mar níl i gcur chuige de shaghas ar bith eile ach cur i gcéill

Ní féidir agus ní hacmhainn don tír fás agus forbairt a chothú ar fud na tíre. Tá rogha le déanamh…

Tuigeann léiritheoirí an Late Late Show ár meon, mar is gá é a thuiscint agus duine as gach ochtar sa stát ag breathnú ar an gclár gach Aoine.

Nuair a deir Ryan Tubridy ‘and there’s one for everyone in the audience’ leis an lucht féachana sa stiúideo, tagann meangadh gáire agus sásaimh ar gach aghaidh, gan teip, gach seachtain. 

Cuireann ‘bronntanais’ an chláir, arb ionann iad agus fógraíocht dáiríre, ríméad follasach ar an slua go léir. Ní haon iontas an fáth. Oíche shuimiúil caite acu in RTÉ, radharc ón gcóngar acu ar aíonna cáiliúla, neart scéalta le hinsint acu ina dhiaidh… agus ar deireadh beartán rudaí deasa acu le tabhairt abhaile.

Faraor, ní féidir tír a rialú ar an gcaoi chéanna, más mian le rialtas leas na tíre a dhéanamh i gceart. Ní hacmhainn do rialtas ar bith ‘bronntanas’ a thairiscint do gach áit sa tír i gcónaí.

CEARTÚ. Ar ndóigh is féidir le gach rialtas ‘bronntanas’ éigin, dá laghad é, a thairiscint do dhaoine i ngach áit. Ach ní hé leas na tíre a dhéanann an cur chuige traidisiúnta seo, ach leas pearsanta gach Teachta Dála a dhéanann mór is fiú den chaiteachas áitiúil.

Beidh straitéis náisiúnta pleanála á foilsiú ag an rialtas i gceann tamaill bhig. Bheadh sprioc níos cruinne luaite ag deireadh na habairte sin againn, ach ab é moilleadóireacht an rialtais. Dúirt airí éagsúla anuraidh go mbeadh an straitéis ar fáil roimh dheireadh na bliana. Táthar ag caint anois ar a foilsiú an mhí seo chugainn. Chímid.

Tá cur síos suimiúil ar na roghanna móra caiteachais agus forbartha is gá don rialtas a dhéanamh sa straitéis, idir seo agus 2040, i dtuairisc a d’fhoilsigh an Foras Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) Dé Máirt. 

Tá idir chúis imní agus ábhar dianmhachnaimh sa pháipéar ‘Prospects for Irish regions and counties’ a scríobh Edgar Morgenroth. I mbeagán focal: dhéanfaí leas mhuintir Bhaile Átha Cliath agus leas na tíre go léir, dar leis, dá ndíreodh an rialtas polasaithe fáis agus forbartha an stáit ar líon beag cathracha nó bailte móra sa chuid eile den tír. 

Tá cur chuige mar seo seachanta ag gach rialtas ó bunaíodh an stát, ainneoin é a bheith molta ag saineolaithe éagsúla. Mar shampla, caoga bliain ó shin, cháin Teachtaí Dála as gach páirtí tuairisc oifigiúil inar mhol Kenneth Buchanan, pleanálaí baile as Albain, go roghnódh an rialtas bailte áirithe mar ‘ionaid fáis’. 

Bhí an phríomhdheacracht pholaitiúil soiléir i 1968, mar atá in 2018. A luaithe agus a roghnódh rialtas ar bith ‘ionaid fáis’ bheadh daoine i ngach ionad eile sa tír ag clamhsán toisc a gceantair féin a bheith curtha as an áireamh. 

Is ann don deacracht sin i gcónaí. Ainneoin an díobháil a dhéanann rófhorbairt agus rófhás na príomhchathrach agus an cheantair máguaird a bheith níos soiléire anois ná riamh.

Ní hionann an dochar a dhéanann lárú as cuimse sa phríomhchathair (ganntanas tithíochta, easpa spáis, tranglam tráchta srl.) agus i gceantair eile (forbairt lag, easpa seirbhísí agus infreastruchtúir, eisimirce srl.) ach is léir an drochthoradh i ngach áit.

Anois, níl aon ‘ionad fáis’ roghnaithe ag Edward Morgenroth, ach tá cur síos beacht ina pháipéar ar mhíbhuntáistí an chur chuige a sheachnaíonn rogha a dhéanamh:

“When economic activity is concentrated in one centre, national economic performance is reduced. The lack of scale of the second-tier cities in Ireland reinforces the dominance of Dublin and limits the development potential of the other regions.”

Ar ndóigh, ní bheidh ar Edgar rogha a chuirfeadh as do mhórán a chosaint go deo mar ní iarrthóir toghcháin é. Ach an bhfuil duine réasúnta sa tír nach n-aontódh leis? 

Is ionann rogha a sheachaint agus rogha a dhéanamh. Ní féidir agus ní hacmhainn don tír fás agus forbairt a chothú ar fud na tíre. Ní foláir líon beag cathracha nó bailte eile a roghnú más mian linn fás agus forbairt na príomhchathrach a shrianadh dáiríre. Níl i gcur chuige de shaghas ar bith eile ach cur i gcéill.

Mura ndéanfar rogha dháiríre, beidh colúin mar seo á scríobh arís i gceann scór bliain.

An ndéanfar? I bhfianaise gach ar tharla ó bunaíodh an stát, ní féidir a bheith dóchasach go bhfuil sé ar ár gcumas roghanna a dhéanamh agus a chur i gcrích ar bhonn náisiúnta.

Fág freagra ar 'Ní féidir agus ní hacmhainn don tír fás agus forbairt a chothú ar fud na tíre. Tá rogha le déanamh…'

  • Éireannach

    Bhain sé tamaillín (an-bheag) asam a thuiscint nach ar an tír i.e. ar Éirinn, atá an tUasal Mac Coille ag trácht san alt, ar chor ar bith, ach ar an stát ó dheas i.e. ar chuid amháin den tír. Is é sin mura mian leis sainmhíniú frithstairiúil a dhéanamh ar cad is Éire ann?