‘Ní féidir a bheith ag brath ar ghrá don Ghaeilge i gcás cúrsa nua Ardteiste’

Deir lucht an ghaeloideachais go bhfuil go leor éiginnteachta cothaithe ag caint a rinneadh dTithe an Oireachtais faoin dá chúrsa nua Gaeilge atá beartaithe don Ardteist

‘Ní féidir a bheith ag brath ar ghrá don Ghaeilge i gcás cúrsa nua Ardteiste’

Deir lucht scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge go bhfuil an baol ann go n-iompófar i gcoinne moladh do chúrsa nua Gaeilge don Ardteist mar gheall ar an éiginnteacht atá faoi.

Tá dhá chúrsa nua Gaeilge le tabhairt isteach don Ardteist – ceann atá in ainm is a bheith oiriúnach do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann atá in ainm is a bheith oiriúnach do scoileanna Béarla.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais go mbeidh rogha ag gach scoil Bhéarla sa stát an cúrsa Gaeilge nua T1 a dhéanamh nó gan é a dhéanamh, ach ní raibh an tAire Oideachais Norma Foley ábalta a dheimhniú inné an mbeadh an rogha chéanna ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt an tAire Oideachais i dTithe an Oireachtais chomh maith nach bhfuil aon chinneadh déanta aici maidir le ceist na bpointí bónais don chúrsa Gaeilge níos dúshlánaí.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Dúirt Tony Ó Murchú, príomhoide Ghaelcholáiste na Mara ar an Inbhear Mór, go gcruthaíonn an éiginnteacht a d’eascair as freagraí an Aire “deacrachtaí eile” i dtaobh na gcúrsaí nua.

 “An mbeidh scoileanna ag cur i gcoinne an chórais nua nó ag diúltú do dhaltaí ar mian leo an cúrsa níos éasca T2 á dhéanamh? Cén bealach a dhéanfar cumas na ndaltaí a mheas?”

Dúirt Ó Murchú go gcaithfí “cothromaíocht” a fháil idir dúshlán a thabhairt do scoláirí maithe Gaeilge agus a chinntiú nach ndéanfaí éagóir orthu.

“Tá go leor conspóide mar gheall ar an tsonraíocht nua don Teastas Sóisearach i measc príomhoidí agus níl tástáil cheart déanta ar mar a d’éirigh leis. Níl toradh na n-athruithe sin le feiceáil go fóill agus sin an deacracht is mó atá agam.”

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt urlabhraí de chuid Gaeloideachais, Fíona Uí Uiginn, nach bhféadfaí iachall a chur ar scoileanna Gaeltachta an cúrsa T1 a thabhairt isteach agus rogha a thabhairt do scoileanna eile.

“Ní fheicim cén chaoi go bhféadfá iachall a chur ar dhaltaí i scoileanna Gaeltachta é a dhéanamh dá mbeadh sé roghnach i scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, Gaelcholáistí san áireamh.

“D’fhéadfadh daltaí a bheith ag teacht isteach chuig scoileanna Gaeltachta i mbliain na hArdteiste agus ní bheadh sé ar a gcumas é a dhéanamh.”

Dúirt Uí Uiginn, iarphríomhoide ar Choláiste Íosagáin, go raibh sé “aisteach” nár thagair an tAire don méid atá scríofa “i ndubh agus bán” sa Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht.

Deirtear sa Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht go mbeidh “ceangal’’ ar scoileanna Gaeltachta an cúrsa T1 a dhéanamh chun cáiliú do scéim aitheantais Gaeltachta an pholasaí sin. De réir an pholasaí d’fhéadfaí an T2 a chur ar fáil don “mhionlach beag’’ a dteastódh sé uathu.

Tá go leor de lucht na scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge go mór in amhras, áfach, faoi chúrsa nua nach mbeadh pointí bónais mar chúiteamh leis.

Ag trácht di faoi cheist na bpointí bónais, dúirt Uí Uiginn nach bhféadfaí brath ar “ghrá don teanga” chun spreagadh a thabhairt do dhaltaí tabhairt faoi chúrsa níos deacra.

“Tuigim dóibh, más scrúdú níos deacra atá le déanamh ar na pointí céanna. Tá daltaí an-straitéiseach ag leibhéal na hArdteiste.

“Ba bhreá liom dá ndéanfaidís é as grá don teanga ach tá siad ag smaoineamh ar phointí CAO agus má chuireann siad an obair bhreise sin isteach sa mhata, beidh siad in ann 25 pointe bónais a fháil. Sin í fírinne an scéil.”

Ceist faoi chead a bheith ag scoileanna Gaeltachta gan cúrsa Ardteiste níos deacra a dhéanamh

Dúirt Nigel Mac Pháidín, múinteoir Gaeilge i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, go gcaithfí a chinntiú nach ndéanfar “leatrom” ar dhaltaí atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta.

“An deacracht atá ag scoileanna Gaeltachta, tá meascán de scoláirí againn. Scoláirí atá líofa a tógadh sa Ghaeltacht agus scoláirí atá ar bheagán Gaeilge ach a bhfuil cónaí orthu i limistéir Ghaeltachta. Beidh an tsonraíocht nua seo ag déanamh leatrom ar na daltaí sin.

Caithfear a chinntiú, a dúirt sé, go mbeidh an rogha acu idir T1 agus T2 nó cur chuige eile ar fad a thabhairt isteach, cosúil leis an Mhata agus an Mata Fheidhmeach.

“Níl sé cothrom ar dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge go mbeadh orthu an T1 a dhéanamh.

“Tá T1 go maith d’uachtar an bhainne, an chuid is fearr ach tá meascán mór ábaltachta againn, ó lag go hiontach maith.

“Tá sé iontach deacair iad a chur isteach sa T1 agus is é an eagla a bheadh orm go mbeadh orthu gnáthleibhéal a dhéanamh agus sin céim ar chúl don teanga,” a dúirt Nigel Mac Pháidín, múinteoir Gaeilge i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.

Fág freagra ar '‘Ní féidir a bheith ag brath ar ghrá don Ghaeilge i gcás cúrsa nua Ardteiste’'

  • Dónall

    An bhfuil an dream a bhrú an cúrsa nua leis na blianta ina choinne anois? Nach ait má tá!?

  • Eimear

    Seo toradh an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta = díothú na teanga i measc óige na Gaeltachta. Treise libh. Déanfar taighde oraibh gur sibh a scrios í ar bhur son féin!