Ceist faoi chead a bheith ag scoileanna Gaeltachta gan cúrsa Ardteiste níos deacra a dhéanamh

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley i dTithe an Oireachtais tráthnóna nach bhfuil aon chinneadh déanta aici maidir le ceist na bpointí bónais don chúrsa Gaeilge níos dúshlánaí atá beartaithe don Ardteist

Ceist faoi chead a bheith ag scoileanna Gaeltachta gan cúrsa Ardteiste níos deacra a dhéanamh

D’fhéadfadh nach mbeidh aon rogha ag daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ach cúrsa Gaeilge níos deacra a dhéanamh don Ardteist agus gan aon phointí bónais acu dá bharr.

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Oideachais go mbeidh rogha ag gach scoil Bhéarla sa stát an cúrsa Gaeilge nua T1 a dhéanamh nó gan é a dhéanamh, ach ní raibh an tAire Oideachais Norma Foley ábalta a dheimhniú tráthnóna an mbeadh an rogha chéanna ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

“Seo í an fhís mar atá. Ní fís chríochnúil í. Tá níos mó oibre le déanamh air seo agus nuair atá an obair sin críochnaithe tabharfar freagra níos cuimsithí agus níos oscailte,” a dúirt an tAire agus í á ceistiú ag an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív ag cruinniú i dTithe an Oireachtais.

Deirtear sa Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht go mbeidh ‘’ceangal’’ ar scoileanna Gaeltachta an cúrsa T1 a dhéanamh chun cáiliú do scéim aitheantais Gaeltachta an pholasaí sin. De réir an pholasaí d’fhéadfaí an T2 a chur ar fáil don ‘’mhionlach beag’’ a dteastódh sé uathu.

Tá go leor de lucht na scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge go mór in amhras, áfach, faoi chúrsa nua nach mbeadh pointí bónais mar chúiteamh leis.

Ach dúirt an tAire Oideachais i dTithe an Oireachtais tráthnóna nach bhfuil aon chinneadh déanta aici maidir le ceist na bpointí bónais don chúrsa Gaeilge níos dúshlánaí.

Dúirt an tAire go raibh “tuairimí láidre éagsúla” cloiste aici faoi cheist na bpointí bónais agus go raibh a hintinn “oscailte” ina taobh.

Thug sí le fios nach dtabharfaidh sí a tuairim faoin gceist go dtí mí na Samhna ar a luaithe, nuair a bheidh deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin atá ar siúl faoin dá chúrsa nua Gaeilge, sonraíochtaí T1 agus T2 mar a thugtar orthu.

Dúirt an tAire Oideachais go raibh “dearcadh amháin ag dream amháin agus dearcadh eile ag dream eile” faoi phointí bónais don chúrsa T1 agus gur ceist “an-chasta” í.

Dúirt sí go raibh sé tábhachtach oiread tuairimí éagsúla agus ab fhéidir a fháil faoin gceist sula ndéanfaí rogha “bunaithe ar an eolas”.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív nach raibh sa phlé go léir ach “caint acadúil” d’uireasa cinneadh faoi na pointí bónais.

Ní fhéadfaí breithiúnas a dhéanamh ar na cúrsaí nua mura mbeadh eolas ar fáil faoin “luach saothair” a bheadh ag daltaí ó thaobh “rás na bpointí”, arsa Ó Cuív.

“Tá sé cosúil le dul isteach i siopa rud a cheannach agus gan a fhios agat cén praghas atá air,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Níor chuir an NCCA aon cheist faoi phointí bónais sa suirbhé a scaipeadh mar chuid den phróiseas comhairliúcháin atá ar siúl, ach tuigtear gur thapaigh roinnt mhaith daoine a dtuairimí fúithi a chur in iúl mar sin féin.

Bhí an tAire Oideachais os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna.

Dúirt na Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pa Daly go mbeadh sé “míchothrom” a bheith ag súil go ndéanfadh daltaí scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta cúrsa níos deacra gan pointí bónais a bheith ann.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh “intinn oscailte” aici féin go fóill faoin gceist.

Thacaigh an Teachta Dála Aindrias Moynihan agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee ó Fhianna Fáil leis an éileamh ar phointí bónais don chúrsa nua.

Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee nár chóir féachaint ar an nGaeilge mar ‘’ghnáthábhar’’ agus gur chóir don Aire smaoineamh uirthi mar ‘’mhionteanga’’ agus a machnamh á dhéanamh aici ar chás na bpointí bónais.

‘’Tá sé deacair go leor do shaol a chaitheamh trí Ghaeilge,’’ arsa Lorraine Clifford-Lee.

Tá dhá chúrsa nua Gaeilge le tabhairt isteach don Ardteist – ceann atá in ainm is a bheith oiriúnach do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann atá in ainm is a bheith oiriúnach do scoileanna Béarla.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Deirtear i dtaighde a rinne Lárionad Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste gur ceist mhór í ceist an éilimh a bheidh ar an gcúrsa nua Ardteiste do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

 

Fág freagra ar 'Ceist faoi chead a bheith ag scoileanna Gaeltachta gan cúrsa Ardteiste níos deacra a dhéanamh'

  • Peadar

    An iad an NCCA & COGG is cúis leis seo? Teastaíon uathasan a dhul ós comhair an Choiste Dála!

  • Caitríona

    Tá sí curtha i gcroí na cille acu. Oidhreacht maith an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta!