Ní fada go mbeidh deireadh leis na seónna sráide – táim ar bís cheana féin

An dúshlán is mó atá ag an mbainistíocht an tseachtain seo amach rompu ná na himreoirí a choimeád ón ruaille buaille

Ní fada go mbeidh deireadh leis na seónna sráide – táim ar bís cheana féin

Lucht tacaíochta Luimnigh agus Buff Egan Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Is iontach í an choicís sin roimh Chluiche Ceannais na hÉireann dos na himreoirí sinsir agus iad ag ullmhú don ócáid iomána is mó sa bhliain.

Dar ndóigh tá na hullmhúcháin sin ag tarlú cúpla seachtain níos luaithe i mbliana ná mar a bhí cleachtadh againn air. 

Ní hé seo an chéad uair ag imreoirí na Gaillimhe a bheith ag imirt sa chluiche ceannais mar bhíodar ann in 2012, in 2015 agus anuraidh.

Tréimhse iontach atá ann mar tá an chuid is mó d’obair na bliana déanta. Tá an diantraenáil sa dorchadas agus san fhuacht curtha díobh acu. Tá na maidineacha luatha sin sa gym déanta agus na mílte míle bóthair curtha díobh acu. Níl mórán eile le déanamh ó thaobh prapála aclaíochta de. Ach tá mórán rudaí le láimhseáil acu sula rachaidh siad amach ar pháirc na himeartha. An fhadhb is mó, más fadhb í, an ganntanas ticéad. Dar ndóigh tá an streachailt agus an sciob sceab tosaithe cheana féin. Tá na seanchairde tagtha amach as an gceo agus iad uile go léir sa tóir ar na seoda luachmhara sin.

Ach mar atá ráite agus scríofa go mion minic agam anseo is é saothar an lae féin a shocróidh an toradh. Tá súil agam go bhfuil aigne agus corp fhir Luimnigh dírithe go hiomlán na laethanta seo ar an gcluiche seachas ar an ócáid.

Ba mhaith tapa i ndiaidh an chluiche leathcheannais a thug John Kiely, bainisteoir Luimnigh, rabhadh láidir do na meáin fanacht amach ós na himreoirí agus dúirt nach mbeadh aon fháil orthu seachas d’oíche na meán. Is beag taithí ar an ócáid mhór atá sa champa seo ach bhí an cóitseálaí, Paul Kinnerk leis an gClár in 2013 agus d’imir Seamus Hickey agus an roghnóir Brian Geary i gcluiche ceannais 2007. Dar ndóigh bhí Kiely féin ar phainéal an chontae a chaill cluiche ceannais na hÉireann i 1996.

Tá mórán athraithe ó shin ach ciallaíonn san go léir go bhfuil tuiscint éigin acu ar an uafás seónna sráide a bhíonn le láimhseáil sula gcaitear isteach an sliotar in aon chor i bPáirc an Chrócaigh. Agus creid uaimse é, is éasca d’aird a thógáil den duais.

An choicís dheireanach agus go háirithe an tseachtain atá amach rompu is geall le bró mhuilinn faoina muineál an cluiche. Ach ar shlí eile, is pléisiúr Dé dos na himreoirí óga seo a bheith ag caitheamh geansaithe a gcontae agus ag rith amach ar fhód ársa Pháirc an Chrócaigh ar an ócáid is mó i bhféilire na hiomána.

Ach an dúshlán is mó atá ag an mbainistíocht an tseachtain seo amach rompu ná na himreoirí a choimeád ón ruaille buaille agus an chraiceáilteacht go léir. An sprioc is mó atá rompu a bheith leathchinnte go mbeidh na hiománaithe ullamh ina n-intinn chun an taispeántas is fearr ina saol iomána a thabhairt uathu.

Dar ndóigh baineann an rud céanna le leaids na Gaillimhe. Ach tá tuiscint acusan go léir ar an bprapáil go léir don mhórócáid atá amach rompu. Ní dócha go ndearnadar mórán den obair fhisiciúil ar pháirc na himeartha le seachtain. Déanfaidh siad paiste beag an deireadh seachtaine seo agus ansin déanfaidh siad a mbealach trí laethanta na seachtaine seo chugainn go deas réidh stuama.

Faoi dheireadh, breacfaidh an lá ríthábhachtach sin, beidh na seónna sráide thart agus beifear ag díriú ar an ngnó dáiríre agus na héachtaí stairiúla atá le déanamh.

Táim ar bís cheana féin.

Fág freagra ar 'Ní fada go mbeidh deireadh leis na seónna sráide – táim ar bís cheana féin'