Tá leadhbairt dá theanga tugtha ag an iarchoimisinéir teanga don Roinn Oideachais ina thuarascáil bhliantúil dheireanach.
Deir Rónán Ó Domhnaill, atá anois ina choimisinéir ag Coimisiún na Meán, nach dea-theist ar an Roinn Oideachais líon na ngearán a rinneadh fúithi le linn a thréimhse ocht mbliana in Oifig an Choimisinéara Teanga.
“Is iomaí gné den chóras oideachais a tháinig faoi chaibidil na hOifige le linn mo thréimhse mar Choimisinéir Teanga. Go deimhin, an tAcht Oideachais, 1998, is mó a tharraing imscrúduithe ar ghearáin ná aon achtachán eile cé is moite d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 féin.
“Ní dea-theist ar an Roinn Oideachais é líon agus minicíocht na n-imscrúduithe maidir leis an gcaoi a gcaitear leis na nGaeilge sa chóras oideachais,” a deir Ó Domhnaill.
Dúirt an t-iarchoimisinéir go raibh sé “réasúnach” ag daltaí, tuismitheoirí agus oideachasóirí a bheith ag súil le ceannaireacht agus freagracht ó thaobh na teanga ón Roinn Oideachais.
“Tá ról cinniúnach ag an gcóras oideachais sa bheartas náisiúnta teanga mar a mheabhraítear sa Ráiteas i leith na Gaeilge a d’fhoilsigh an Rialtas sa bhliain 2006 agus sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a foilsíodh sa bhliain 2010.
“Tá cuspóirí na mbeartas sin thar a bheith soiléir maidir le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge.”
Mar sin féin bhí ceist ann, a dúirt Ó Domhnaill, fén soláthar oideachais lán-Ghaeilge ag leibhéal na bunscolaíochta agus na hiar-bhunscolaíochta.
“Is fiú leanúint den iniúchadh ar an ráta aistrithe ón mbunscolaíocht Ghaeilge go dtí an iar-bhunscolaíocht Ghaeilge. Ach tagann an soláthar ardoideachais go mór i gceist freisin.
“Má bhíonn sprioc 20% in earcaíocht ghinearálta le baint amach faoi 2030, ní mór a bheith i mbun áirimh ar chineál agus líon na gcúrsaí le Gaeilge nó trí Ghaeilge atá ar fáil in institiúidí ardoideachais.”
De réir taighde a rinne an Roinn Oideachais féin, ní dheachaigh ach 36% de na daltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
Maidir leis an oideachas Gaeilge ag an tríú leibhéal, deir an t-iarchoimisinéir teanga go bhfuil “infheistíocht fhadtréimhseach” ag teastáil chun dóthain céimithe oilte a chur ar fáil don tseirbhís phoiblí.
Comhoibriú idir-institiúideach is fearr a dhéanfadh an beart, a deir sé, agus gá le siollabais chomónta a mhúinfeadh trí Ghaeilge an eolaíocht pholaitiúil, an eacnamaíocht, an dlí agus an rialachas chomh maith le dianoiliúint a chur ar fáil sa teanga féin chomh maith.
“Beidh cur chuige comhordaithe náisiúnta riachtanach chun cláir nua fochéime agus iarchéime a dhearadh agus a sholáthar i réimse an riaracháin phoiblí in institiúidí ardoideachais ar fud an Stáit.
“Seo é scála na hidirghabhála atá de dhíth chun na céadta céimí oilte a mhealladh i dtreo na seirbhíse poiblí go bliantúil seachas sainchúrsa a chur ar fáil ar láthair nó dhó.”
Deir Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga nua ag brath “go huile agus go hiomlán” ar dhaoine a bheith ag comhlachtaí poiblí atá ábalta seirbhísí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge agus i mBéarla.
“Mura ndéanfar pleanáil inniúlachta a leabú sa chóras oideachais lán-Ghaeilge, agus mura dtagann méadú céimnitheach ar líon na ndaltaí iar-bhunscoile le hinniúlacht mhaith Ghaeilge atá ar fáil don oiliúint tríú leibhéal, beidh sé
ionann is dodhéanta líon dóthanach céimithe a chur ar fáil chun sprioc earcaíochta an 20% a bhaint ón mbliain 2030 amach,” arsa Ó Domhnaill.
Is í an phríomhsprioc atá sa reachtaíocht teanga nua ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.
Fág freagra ar '‘Ní dea-theist ar an Roinn Oideachais líon na ngearán a fuair mé fúithi’ – Ó Domhnaill'