Ní clutharú go dtí clutharú Anne Frank

Bhíodh a fhios ag Anne Frank cén lá a bhí ann – bhíodh an ghráin aici ar an Domhnach, an lá a bhí leagtha amach don ghlantachán tí

Ní clutharú go dtí clutharú Anne Frank

Ár gcolúnaí ar cuairt ar Theach Anne Frank blianta ó shin

Éiginnteacht an rud is measa faoi láthair. Éiginnteacht faoi gach rud. Cén uair a n-osclófar na siopaí, cén uair a mbeidh daoine ar ais i mbun gnó, agus cén uair a scaoilfear daoine ón gclutharú?

Agus an rud ba mhó a ghoill ar dhaoine, de réir suirbhé a rinneadh le gairid, ná an cosc ar dhul thar 2km ón mbaile.

D’éirigh daoine an-seiftiúil agus iad ag coinneáil leis an riail áirithe sin. Chuala mé go raibh na rothaithe ag déanamh ciorcail – 2km chaon treo ón mbaile, sin 4km de thrastomhas ciorcail. Déan na ‘sums’ tú féin.

Ach tá sé deacair go maith ó thaobh na siúlóide de – ritheann tú amach as roghanna agus tú ag cuartú éagsúlachta sa timpeallacht.

Bhí bealach deas amháin againne – sórt aicearra a bhí ann – trí thailte Ospidéal Naomh Eoin Dé i Stigh Lorgan. Crainnte, plásóga féir, bláthanna ildaite, boladh na cócaireachta ag teacht amach as fuinneog na cistine – céard eile a bheadh uait agus é gar don N11?

Bheadh tú ag smaoineamh ar na hothair taobh istigh – b’fhéidir gur daoine iad le fadhbanna meabhairghalair nó alcóil.

Ach cuireadh stop tobann leis sin an mhaidin cheana. Tháinig Garda an Dorais amach agus a lámh in airde– ‘is tailte príobháideacha iad seo.’ An chéad uair ariamh go raibh mé ‘beáráilte’, ó ospidéal.

Chuir an eachtra ag smaoineamh arís mé ar na bealaí éagsúla go n-éiríonn, nó nach n-éiríonn, le daoine dul i dtaithí ar an gclutharú sa mbaile.

Coicís ó shin bhí mé ag caint le Tomi Reichental faoina thaithí i gcampa géibhinn.

Chuimhnigh mé gur thug mé cuairt ar láthair Bergen-Belsen cúpla bliain ó shin nuair a bhí an scannán faisnéise Condemned to Remember á thaispeáint gar don láthair, i gcathair Lüneburg.

Cé nach bhfuil a fhios cén áit a bhfuil corpáin ar leith ‘curtha’, bhí leac ansin do na deirfiúracha Anne agus Margot Frank – cosúil le leac uaighe. Le linn dó a bheith i ngéibheann ann chuala Tomi caint  faoi dhream as an Ísiltír a tugadh go Bergen-Belsen as Auschwitz.

Agus thuig seisean ón gcaint go raibh na deirfiúracha Frank sa champa nó i seid taobh lena cheann féin.

Ach roimhe sin ar fad, sular ghabh na Naitsithe clann Anne Frank, bhí muintir Frank tar éis dhá bhliain nach mór, a chaitheamh sáinnithe i dteach in Amsterdam.

Chonaic an t-athair Otto an lá ag teacht go mbeadh orthu teitheadh nó dul i bhfolach – bhíodar tar éis teitheadh cheana ón nGearmáin.

Ach thit an Ísiltír go tobann i 1940 agus thosaigh an bhrúidiúlacht agus an cur faoi chois in aghaidh na nGiúdach.

Go luath i 1942, roinn Otto an teach ina dhá chuid – bhí na seomraí a mbeadh an chlann ‘clutharaithe’ iontu taobh thiar de bhalla bréige agus seilf leabhar. Chuadar i bhfolach ann tar éis dóibh an scéala bréagach a scaipeadh go rabhadar imithe go dtí an Eilvéis.

Mhair na Franks agus cúpla duine eile – ochtar ar fad, taobh thiar den bhalla ar feadh dhá bhliain ó 1942 go dtí 1944, gan corraí amach. Chaitheadar stocaí i rith an lae chun nach gcloisfí iad – bhí gnó ar bun sa gcuid eile den teach.

Ach an rud ar chuir mé féin suim ann, ná gur éirigh leo sceideal laethúil a bheith acu. Déanaimse dearmad ó lá go lá anois cén lá den tseachtain atá ann.

Ach bhíodh a fhios ag Anne Frank cén lá a bhí ann – bhí an ghráin aici ar an Domhnach. B’in é an lá a bhí leagtha amach don ghlantachán tí. Gach lá bhí tréimhsí scoile ag na daoine óga agus chabhraigh gach duine leis na béilí a réiteach.  Tar éis am lóin, nuair a shuigh gach duine síos le chéile, bhíodh codladh beag acu ar fad.

Thug mé féin agus deirfiúr liom cuairt ar ‘Teach Anne Frank’ agus muid ar saoire rothaíochta san Ísiltír blianta ó shin. Chuir mé suim ar leith sa sorn beag bídeach agus an ‘friochtán’ iarainn ón ré sin.

Bhí roinnt príobháideachais acu freisin – bhí a seal féin ag gach éinne sa seomra folctha agus bhí seans ag Anne agus ag na daoine óga eile tamall a chaitheamh san áiléar.

Ar feadh an achair sin, choinnigh Anne a dialann laethúil. Níor chaill sí an misneach ariamh – bhí an  dóchas comh láidir sin inti gur cheap sí go bhfoilseodh sí a dialann agus a cuid scríbhinní lá níos faide anonn.

Ach i rith an ama, mhaireadar faoi bhagairt uafásach an bháis. Chuir gach torann, gach coiscéim ar an staighre sceon iontu.

B’fhéidir go raibh an rún scaoilte, b’fhéidir go raibh na póilíní tagtha ar an doras bréige?

Agus lá amháin, tháinig.

Níor frítheadh amach ariamh cé a sceith an rún.

Tugadh iad ar fad chuig an gcampa géibhinn, Auschwitz i ndeireadh 1944. Ní raibh ann ach roinnt míonna sula dtiocfadh deireadh leis an gcogadh.

Ach faoin am gur bhris saighdiúirí ó Arm na Breataine na doirse síos i mBergen-Belsen i 1945, áit ar tugadh na Franks, bhí gach duine díobh básaithe ach an t-athair, Otto.

Ní raibh aon fhianaise ann faoinar tharla dóibh go baileach. Bhí an galar tíofas ar Margot agus ar Anne agus bhásaigh siad am éigin i mí Feabhra.

‘Lá amháin ní rabhadar ann níos mó,’ a dúirt duine de na príosúnaigh.

Tá Tomi Reichental beo beathach agus ag súil lena bhreithlá – beidh sé 85 i mí an Mheithimh.

Bheadh Anne Frank 91 i mbliana dá mairfeadh sí.

Ach ní dheachaigh sí thar 15 bliain agus gan a fhios aici go bhfoilseofaí a dialann ar fud an domhain agus go gcuirfí oiread suim inti go mbeadh sí fós i gcló agus an domhan ag comóradh 75 bliain ó Lá an Bhua (VE-Day) ar an 8 Bealtaine, 2020.

Fág freagra ar 'Ní clutharú go dtí clutharú Anne Frank'