‘Feicim spiorad iontach i measc an phobail’ a deir Tomi Reichental

Cothrom an ama seo 75 bliain ó shin bhí Tomi Reichental I measc na ndaoine a scaoileadh saor as campa géibhinn Bergen-Belsen

‘Feicim spiorad iontach i measc an phobail’ a deir Tomi Reichental

Fuair mé freagra nach raibh súil agam leis le gairid. Bhí mé ag caint le Tomi Reichental, fear ar scríobh mé faoi anseo cheana. Shíl mé go mb’fhéidir go mbeadh smaoineamh nó focal comhairle aige dom faoin mbealach is fearr le teacht tríd an éigeandáil seo.

Dúirt sé go raibh sé féin ag smaoineamh ar na cosúlachtaí le tamall anuas. ‘Ag tarraingt ar dheireadh ár dtréimhse i gcampa Bergen-Belsen,’ dúirt sé, ‘bhí daoine ag fáil bháis i gcaitheamh an ama. Bhíodar cloíte ag an ocras, ag an tífeas, agus ag galair dhifriúla eile.’

Agus nuair a chloiseann sé scéalta faoin ‘rabharta’ mór cásanna Covid-19 – an ‘surge’, smaoiníonn sé ar an uair dheireanach ar chuala sé caint faoina leithéid.

‘Ní hionann an dá chás,’ a deir sé. ‘Ach an bhliain dheireanach a chaith mise agus mo mhuintir i mBergen-Belsen, caitheadh na sluaite ó champa Auschwitz, a bhí díreach dúnta, isteach sa mhullach orainn.’

Nuair a tháinig na sluaite sin, ba mhinic suas le 700 príosúnach a bheith caite le chéile i gcábán a mbíodh 150 nó 200 ann roimhe sin. D’fhéadfá a rá gur ‘rabharta’ a bhí ansin. Ní raibh na créamatóiriamaí in ann feidhmiú. De réir mar a bhásaigh na daoine, caitheadh a gcorp ar fud na háite.

75 bliain go ham seo a scaoileadh saor Tomi, a mháthair Judith, a dheartháir Miki, a chol ceathrar Chava agus a máthair siúd, Aintín Margot. Cé gur éirigh leo sin teacht slán ón uafás, fuair 35 ball de mhuintir Reichental bás san Uileloscadh.

Chaith Tomi tamall san ospidéal tar éis an ‘saoradh’. Ní nach ionadh bhí sé beag, tanaí agus gan mórán nirt aige. Bhí a aintín Margot san ospidéal freisin agus thugadh seisean aire di.

Ní raibh mórán scil ag Arm na Breataine a shaor iad i gcúrsaí beathaithe. Níorbh é bia an airm a d’fheil daoine nach raibh aon chleachtadh acu ar bhéilí próitéine ná ar bhéilí do shaighdiúirí. Fuair 2,000 príosúnach bás sular thuigeadar an botún. Fuair 14,000 eile bás i rith na míosa ina dhiaidh sin.

Bhí Tomi buíoch dá mháthair Judith agus dá aintín Margot gur thugadar aire mhaith do na páistí Tomi, Miki agus Chava sa champa géibhinn. Agus an tír anois ag déanamh arán baile agus anraith, mheabhraigh mé do Tomi gur chuala mé é ag caint faoin mbealach a ndáiltí an ‘t-anraith’ sa champa.

Ar éigean go bhféadfá anraith a thabhairt air. Ach bhíodh corrphíosa tornapa nó fata in san meascán a thugtaí isteach sa gcábán le dáileadh ar an scata príosúnach a bhí ansin.

Choinníodh a Aintín Margot na páistí siar ón slua a bhailigh chun greim a fháil ar an anraith.

‘Fan go dtí an deireadh,’ a deireadh sí. ‘Beidh níos mó maitheasa ag bun an channa, má bhíonn foighid agaibh.’

Tá cuimhne mhaith ag Tomi freisin ar chailín, thart ar 15 bliain d’aois, a bhí sa chábán in éindí leo. ‘Ní féidir liom í a dhearmad,’ a dúirt sé. ‘Cailín álainn dathúil. Thug sí aire do na páistí ar fad, ag múineadh cluichí, ceoil agus amhrán dúinn.’

Scríobh Tomi fúithi ina leabhar I was a Boy in Belsen. Agus nár casadh ar a chéile iad cúpla bliain ó shin – tá sí beo fós in Iosrael. Ach bhí dearmad iomlán déanta aici ar na heachtraí sin a bhain le huafás Bergen-Belsen. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin aon iontas ar Tomi – níor labhair sé féin faoina thaithí ar feadh blianta fada.

Ach nuair a thosaigh sé ag caint, rinne sé sraith cláracha faisnéise le Gerry Gregg, a craoladh ar RTÉ  faoin scéal ar fad. Ní hé amháin sin, ach tugann sé cuairteanna rialta ar scoileanna ag inseacht dóibh faoina scéal.

Nuair a labhair mé leis an lá cheana, shíl mé go mbeadh sé ag ligean a scíthe le linn na tréimhse corraí seo. Beag an baol.

‘Rinne mé seisiún ‘ceisteanna agus freagraí’ I mbunscoil an lá cheana. Sílim gur mar sin a dhéanfar múineadh agus léachtaí go leor amach anseo,’ a deir sé agus é ag breathnú chun cinn. (Tá beagnach 85 bliain slánaithe aige). Dúirt an múinteoir leis i ríomhphost ina dhiaidh sin nach bhfuair siad an oiread aiseolais riamh faoi ócáid sa scoil agus a fuaireadar i ndiaidh caint Tomi.

Insíonn sé scéal an cháca go minic. Bhí Miki 13 bliain agus iad i mBergen-Belsen. Sa ghnáthshaol bheadh ‘Bar Mitzvah’ ag a leithéid – agus é feasta ina fhear mór sa chlann, réidh le háit an athar a ghlacadh dá mbeadh gá leis.

Tháinig na príosúnaigh ar ais ó ghlaoch an rolla, an mhaidin áirithe sin. D’fhéadfadh an ‘rolla’ leanacht ar aghaidh ar feadh dhá uair an chloig – sórt ‘ciapadh príosúnach’ a bhí ann – iad a choinneáil ina seasamh sa bhfuacht, gan éadaí cearta ná bróga.

Fuaireadar boladh fataí rósta ar dtús. Bhí na mná tar éis cipíní a bhailiú agus cúpla fata a róstadh i ngan fhios do na gardaí. Agus ansin gan choinne, tugadh ‘cáca’ amach in onóir Mhiki. Slisíní beaga bídeacha aráin, ceann os cionn an chinn eile agus beagán margairín agus siúcra mar mhaisiúcháin timpeall orthu. Agus coinneal ina lár.

Ní raibh a fhios acu cá as a dtáinig sé.

Ach tuigeann sé anois gur choinnigh na mná a gcuid ‘rations’ nó an chiondáil agus cé go raibh siad stiúgtha, beagnach básaithe leis an ocras, rinne siad íobairt chun go mbeadh ceiliúradh ag an bpáiste. ‘Cuimhním ar an spiorad a choinnigh beo muid,’ arsa Tomi. ‘Agus feicim spiorad iontach i measc an phobail anseo – níl lá nach dtagann bileoga isteach an doras chugainn ag tairiscint cabhrach do dhaoine.’

Tá a dheartháir Miki beo i gcónaí. Bhásaigh a chol ceathrar Chava anuraidh. Tá Tomi tar éis babhtaí troma tinnis a chur de le cúpla bliain anuas.

Ach gach bliain déanann sé féin agus a bhean Joyce riar mór cácaí agus caife don ‘mhaidin chaife’ a bhíonn ag eagraíocht Ospíse na hÉireann. Gach seans go bhfuil an reoiteoir lán cheana féin don chéad mhaidin chaife eile.

Agus 75 bliain ó shaoradh Bergen-Belsen á chomóradh, beidh Tomi Reichental le feiceáil ar chlár ar ITV Dé Máirt an 7 Aibreán.

Jonathan Dimbleby a bheas á chur i láthair. Is mac eisean le Richard Dimbleby a bhí ar an láthair don BBC an lá a ndeachaigh arm na Breataine isteach sa champa leis na príosúnaigh a shaoradh, Tomi ina measc. Ba í tuairisc Dimbleby ba thúisce a thug scéal an uafáis sna campaí géibhinn don domhan mór.

Fág freagra ar '‘Feicim spiorad iontach i measc an phobail’ a deir Tomi Reichental'

  • Edel

    Bhuail mé féin le Tomi cúpla bliain ó shin. Tháinig sé chuig ár scoil chun caint a dhéanamh agus caint níos inspioráidí ní fhaca mé riamh – bhí sé ar fheabhas.