Ní bhfuair na hÉireannaigh a gceart i saothar Netflix faoi Chorn na Sé Náisiún 2023

I ndeireadh na dála níl sa saothar snasta seo ach clár buaicphointí

Ní bhfuair na hÉireannaigh a gceart i saothar Netflix faoi Chorn na Sé Náisiún 2023

Agus Corn na Sé Náisiún ag teannadh linn, seo chugainn Netflix le saothar leis an ngoile a ghéarú. Iad teanntásach go maith i ndiaidh an ghaisce a dhein Formula 1: Drive To Survive agus, go pointe, Break Point. Saothair ar tugadh cead dóibh dul ar chúl na gcuirtíní le radharc a fháil ar fheidhmiú inmheánach na spórt éagsúil agus dreas cainte ionraic a dhéanamh le réalta.

“Cé chomh tiufáilte is a chaithfidh tú a bheith le rugbaí a imirt”, a fhiafraítear de Andrew Porter i dtosach an chéad ghála den tsraith ocht gclár Six Nations: Full Contact (gach clár ar fáil anois ar Netflix). “Féach ar mo chuid cluasa,” a deir sé go seanbhlastúil. Tosnaíonn an tráchtaireacht, agus meabhraítear dúinn go bhfuil an tsraith dírithe ar andúiligh agus lucht féachana idirnáisiúnta araon.

“It’s primal. Bone on bone,” a deirtear linn le mór is fiú. Caitear a mheabhrú dúinn chomh maith go bhfuil sé ar cheann de na comórtais rugbaí is fearr agus is sine ar domhan. Buillí oird ar inneoin sa tráchtaireacht chomh maith leis an bpáirc. Ach, fágaimis mo chuid searbhais ansan ar feadh soicind.

Is cinnte go mbeidh uisce le fiacla ag andúiligh an rugair abhus. Tá siad tagtha chucu féin go maith ó chac foireann na hÉireann ar na huibheacha, arís, ag Corn an Domhain. An rud is mó a chuirfidh alltacht orthu faoin saothar seo ná nach dtugtar a cheart d’fhoireann agus gaiscí fhoireann na hÉireann. Ba bhliain ar leith í 2023, an Chaithréim Mhór tugtha ar an bport arís. Níos fearr fós deineadh an gaisce i gcoinne Sheáin Bhuí i mBaile Átha Cliath. Lena chois sin ar fad chuir an bua an sméar mhullaigh ar thréimhse ar éirigh le hÉirinn an ceann is fearr a fháil ar phiardaí móra uile an rugair duine i ndiaidh duine. Ba dhóigh leat go mbeadh siad i lár an aonaigh, a mhalairt atá ann i ndáiríre agus iad in áit na leathphingine. Tá an tríú gála ann sara ndírítear ar Éirinn mar a labhraíonn Porter go mothúchánach faoi bhás a mháthar le hailse agus a dhúshláin maidir le meabhairshláinte.  Ionchur chomh maith ó Johnny Sexton. Ach tá an t-ochtú gála ann sara bhfilltear ar scéal na hÉireann; an cluiche clabhsúir cinniúnach i gcoinne na Sasanach idir chamáin.

Taibhsítear dom go raibh múnla an chláir bunaithe ar na himreoirí a raibh teacht acu orthu. Sé sin go raibh sé aontaithe go mbeadh daoine áirithe rannpháirteach agus b’in sin. Bhíothas le sruth na sraithe a mhúnlú timpeall orthu is cuma cad a tharlódh ar pháirc na himeartha. Tá a rian san air, agus is drochrian é.

Címid go leor de Finn Russell; meabhraítear dúinn arís agus arís eile gur imreoir den scoth é agus déantar scéal mhadra na n-ocht gcos den teannas idir é agus Gregor Townsend. Insítear dúinn nár tháinig Ellis Genge Shasana chuig foireann Shasana trí chóras na scoileanna príobháideacha, a mhalairt ar fad. Tá téagar ag baint leis an scéal siúd ach ar an iomlán ní raibh an goile sásaithe.

Is cinnte go ndéantar léiriú spleodrach ar aicsean na gcluichí éagsúla agus is cinnte chomh maith go mbainfidh lucht leanta an rugair súp as seo ach i ndeireadh na dála ní cuntas idir chraiceann agus chnámha atá againn ach saothar buaicphointí snasta.

Fág freagra ar 'Ní bhfuair na hÉireannaigh a gceart i saothar Netflix faoi Chorn na Sé Náisiún 2023'