‘Ní bheidh riachtanas an tríú teanga ina bhac ar aistritheoirí le Gaeilge’  – an Stiúrthóir Aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa

Níor éirigh ach le 14 duine sa chomórtas deireanach a reáchtáil EPSO d’aistritheoirí Gaeilge cé go raibh 72 folúntas le líonadh

‘Ní bheidh riachtanas an tríú teanga ina bhac ar aistritheoirí le Gaeilge’  –  an Stiúrthóir Aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa

Tá ráite ag Veronique Rosenkranz, an Stiúrthóir Aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa, atá ar cuairt ar Éirinn an tseachtain seo le toscaireacht ó Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Pharlaimint, nár cheart do riachtanas an tríú teanga cur as do dhaoine a bhfuil ardchumas sa Ghaeilge acu cur isteach ar phostanna sealadacha sa Pharlaimint.

Agus iad ag obair leis an bParlaimint i Lucsamburg, is féidir leo cur leis an gcumas atá acu sa tríú teanga agus cur isteach ansin ar phost buan amach anseo.

Mar gheall ar na deacrachtaí leanúnacha atá ag an AE teacht ar aistritheoirí oilte Gaeilge, tá Aonad na Gaeilge sa Pharlaimint sásta glacadh le hiarratais uathu siúd a bhfuil ardscileanna aistriúcháin acu, ach nach bhfuil an tríú teanga acu fós chun dul i mbun oibre ar conarthaí sealadacha.

Sna comórtais do phoist bhuana d’aistritheoirí tá sé riachtanach go mbeadh líofacht ag iarrthóirí i dtrí theanga de chuid an AE.

Sa chomórtas earcaíochta d’aistritheoirí Gaeilge buana is déanaí de chuid EPSO, ar tháinig deireadh leis mí an Mheithimh seo caite, níor éirigh ach le 14 iarrthóirí le Gaeilge post buan a fháil san AE, cé go raibh 72 folúntas le líonadh.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana gur líonadh níos lú ná 25% de na folúntais d’aistritheoirí agus dlítheangeolaithe Gaeilge a fógraíodh idir 2016-2018.

Tá méadú  le theacht ar an méid oibre aistriúcháin go Gaeilge a bheidh le déanamh tar éis 2022, tráth a bhfuil geallta go gcuirfear deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Veronique Rosenkranz, gurb é “an rud is tábhachtaí go mbeadh sárchumas sa Ghaeilge ag iarrthóirí”.

“Níor cheart go mbeadh riachtanas an tríú teanga ina bhac ar dhaoine a bhfuil máistreacht acu ar an Ghaeilge. Fiú mura bhfuil ach an beagán beag den tríú teanga ag aistritheoirí le Gaeilge, cuirfear traenáil agus gach cúnamh ar fáil dóibh chun feabhas a chur ar an teanga sin chun cur isteach ar phost buan ag pointe éigin ina dhiaidh sin,” a dúirt sí.

Ina theannta sin, tá deis ag céimithe le Gaeilge iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna i bParlaimint na hEorpa. Reáchtáiltear Tréimhsí Oiliúna Schuman faoi dhó sa bhliain gach bliain. Maireann na tréimhsí oiliúna cúig mhí agus tugann siad deis iontach do chéimithe eolas a chur ar an bParlaimint agus barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna aistriúcháin.

Dúirt Rosenkranz freisin go bhfuil “dúshlán mór” le sárú maidir le dóthain aistritheoirí le Gaeilge a fhostú in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

“Go dtí le déanaí, bhí an Ghaeilge ina teanga oifigiúil ach ní raibh dualgas orainn gach cuid den reachtaíocht a aistriú go Gaeilge.

“Tháinig athrú air sin. Is cinneadh polaitiúil a bhí ann chun an stádas céanna a thabhairt don Ghaeilge is atá ag teangacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Seirbhís theoranta a bhíodh á cur ar fáil againn ach seirbhís aistriúcháin iomlán atá de dhíth anois agus is gá an líon céanna aistritheoirí Gaeilge le gach teanga eile.

“Ba mhaith linn cur leis an chomhoibriú atá ar bun againn leis na hollscoileanna agus leis na hinstitiúidí ardoideachais ionas go dtuigfidh daoine a bhfuil sárchumas sa Ghaeilge acu go bhfuil deiseanna fostaíochta acu i bParlaimint na hEorpa.

“Ar na dúshlán atá le sárú chun aistritheoirí ardchaighdeán a aimsiú, tá an líon beag cainteoirí Gaeilge atá ann. Chomh maith leis sin, níl an t-ardchaighdeán ag gach iarrthóir a bhíonn de dhíth  chun aistriúchán a dhéanamh ar reachtaíocht.”

Dúirt Veronique Rosenkranz, Stiúrthóir an Aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa go raibh caidreamh “an-mhaith” ag an Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin  leis an rialtas agus leis na hollscoileanna abhus.

Bhí Rosenkranz, chomh maith le Valter Mavrič, Ard-Stiúrthóir an Aistriúcháin, Ieva Mainardi, Ceann Aonad na Gaeilge sa Pharlaimint, agus aistritheoirí ó Aonad na Gaeilge, Labhrás Ó Finneadha agus Aoife Ní Churraoin, ar cuairt ar Éirinn an tseachtain seo chun eolas a scaipeadh faoi na poist do Ghaeilgeoirí i bParlaimint na hEorpa.

“Is mian linn an chumarsáid a fheabhsú leis an saoránach agus teanga shoiléir a úsáid seachas béarlagair an Aontais Eorpaigh. Is mór idir ról an aistritheora san AE inniu agus na seanlaethanta. Tá athrú ó bhonn ar an aistriúchán a bhuíochas don teicneolaíocht agus uirlisí aistriúcháin. Déanann muid go leor podchraoltaí agus fotheidealú, mar shampla,” a dúirt Rosenkranz.

Tá sé fógartha chomh maith ag Parlaimint na hEorpa go mbeidh ról níos leithne ag aistritheoirí feasta agus chuige sin tá teideal nua ar phost an aistritheora, ‘Gairmí Idirchultúrtha agus Teanga’.

Fág freagra ar '‘Ní bheidh riachtanas an tríú teanga ina bhac ar aistritheoirí le Gaeilge’  – an Stiúrthóir Aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa'

  • Feardorcha

    Abababúna, samhlaidh an ginideach a chur i bhfeidhm ar ‘Teangeolaí Gairmiúil Idirchultúrtha’. Méadú faoi thrí ar obair na n-aistritheoirí ansin thall.