Ní ar na máithreacha a náiríodh ba cheart náire a bheith

Tá an chóir dlite do na mná a d’fhulaing drochíde sna hárais máithreacha agus leanaí

Ní ar na máithreacha a náiríodh ba cheart náire a bheith

Tá sé thar am an smál, an stiogma agus an masla i gceann na héagóra a d’fhulaing suas le 14,000 bean agus a bpáistí a ghlanadh agus a chúiteamh leo.

Gheall an Chéad-Aire agus LeasChéad Aire in Stormont go raibh rún acu déileáil go práinneach leis na moltaí a rinne painéal saineolaithe chun a dhul i ngleic leis an íde a fuair mná agus páistí in institiúidí cónaithe sa chéad seo caite.

Tá cás na marthanóirí doshéanta. Bheadh sé do-mhaite faillí a dhéanamh sna moltaí a rinneadh Dé Máirt. Ba iad na dlíodóirí cearta daonna an Dochtúir Maeve O’Rourke ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus an tOllamh Phil Scraton ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste faoi chathaoirleacht Deirdre Mahon ón tSeirbhís Sláinte agus Cúram Sóisialta abhus, baill an phainéil. Chaith siad leathbhliain i mbun na hoibre, iad ag dul i gcomhairle le híobartaigh – idir mharthanóirí a chaith seal sna hinstitiúidí agus daoine a rugadh iontu – féachaint cén cineál próiseas a shásódh a riachtanais agus a dhearbhódh a gcearta.

Bhí a fhios ón taighde a rinne lucht acadúil agus a foilsíodh mí Eanáir seo caite gur cuireadh 10,500 bean nó cailín isteach in Árais do Mháithreacha agus Leanaí idir 1922 agus 1990. Bhí cailín dhá bhliain déag agus daoine ar deineadh éigniú nó ciorrú coil orthu i measc na mban a bhí ag iompar clainne gan a bheith pósta.

Ba iad an Eaglais Chaitliceach, Eaglais na hÉireann agus Arm an tSlánaithe a bhí i bhfeighil na nÁras. Thairis sin cuireadh os cionn 3,000 eile i neachtlanna Maigdiléineacha.

Cleachtadh an cineál céanna drochíde sna hionaid abhus agus a facthas sna hinstitiúidí ó dheas. Náire shaolta ab ea é a bheith torrach lasmuigh den phósadh agus cuireadh daoine i bhfolach sna hárais, más tuismitheoirí, an chléir, dochtúirí nó eile a bhí ag iarraidh ‘an scannal’ a cheilt.

Rinneadh beag is fiú de na mná agus na cailíní, uiríslíodh iad, coinníodh iad in aghaidh a dtola, rinneadh sclábhaithe gan phá díobh; tógadh a leanaí uathu dá mbuíochas, uchtaíodh leanaí gan chead, go mídhleathach, agus athraíodh ainmneacha is cáipéisí eile chun féiniúlacht a cheilt. Fuair roinnt leanaí bás den ocras. Go dtí an lá inniu féin tá a gcuid sonraí pearsanta, a dtaifid á gceilt ar chuid de na marthanóirí.

Scannal ab ea an chaoi a caitheadh leis na mná agus a bpáistí, a dúirt an painéal. Mhol siad fiosrú neamhspleách dhá-rannach: fiosrú poiblí reachtúil faoi chathaoirleacht saineolaí ón iasacht, agus údarás acu chun iachall a chur ar dhaoine a bhí bainteach leis na hionaid fianaise a thabhairt faoi bhrí na mionn agus fiosrú eile a bhféadfadh na marthanóirí a scéalta a insint ann gan an tsáraíocht a bhainfeadh leis an bhfiosrú eile – mar a bhíonn sna cúirteanna.

Bheadh an painéal ón dara fiosrú in ann an t-eolas a chuirfí faoin a mbráid a scagadh agus a chur faoi bhráid an fhiosraithe phoiblí. Scéim neamhchoitianta é seo ach bhí dúil ag go leor de na híobartaigh ann.

I dteannta na bhfiosruithe sin, moladh go mbunófaí scéim chúitimh láithreach maille le maoiniú le haghaidh seirbhísí sláinte agus le haghaidh tástáil DNA dheonach. Ag teacht le teideal na tuarascála ‘Fírinne, Admháil agus Freagracht’ dúradh gur cheart don stát agus do na hinstitiúidí ar fad a bhí i gceist leithscéal a ghabháil.

Leagadh amach téarmaí an leithscéil go nglacfadh siad freagracht as an dochar a deineadh, go léireodh siad aiféala go macánta agus go dtaispeánfadh siad cé na beartais atá i bhfeidhm acu chun a chinntiú nach dtarlódh a leithéid de bharbarthacht arís.

Moladh go gceadófaí saorchúnamh dlí le haghaidh cásanna cúirte nó ionchoisní, saoránacht d’éinne a chaill an ceart sin mar gur aistríodh as an dlínse é/í mar pháiste, chomh maith le leaca uaighe a sholáthar dóibh sin a cuireadh sa chré gan cuimhneachán ná aitheantas.

Thug an painéal suntas do na deacrachtaí a bhaineann le taifid a fháil – eolas pearsanta. Deir marthanóirí go séantar comhaid orthu, go ndeirtear nach bhfuil eolas ar fáil, go bhfaigheann siad leaganacha difriúla de shonraí nó go seasann duine ag faire orthu fad is a bhíonn cáipéis a léamh acu.

Mhol sé go rithfí reachtaíocht chun a chinntiú nach scriosfaí eolas ionas go mbeadh fáil ag marthanóirí agus a muintir ar thaifid a bhaineann leo atá ag na hinstitiúidí.

Tá a fhios ag an saol nach bhfuil stair Stormont thar mholadh beirte maidir le cúiteamh agus cabhair d’íobartaigh. Chaith siad an fhad sin ag sárú ar a chéile faoi cad is íobartach ann nó cé a sheasfadh an costas gur thug siad deis do na Tóraithe a bplean faoisimh ó chúiseamh d’iarshaighdiúirí a sheoladh mar fhreagra ar fholús. Cuireadh moill freisin ar an gcabhair agus an cúiteamh a gealladh d’áitritheoirí dílleachtlanna agus institiúidí a ndearna an Breitheamh Sir Anthony Hart fiosrú orthu.

Coinneoidh na marthanóirí brú ar Stormont ach níor cheart go mbeadh gá leis. Tá an chóir dlite dóibh as an drochíde a d’fhulaing siad. Náire shaolta ab ea é gan dabht ach níorbh iad na mná ná na páistí a bhí náireach. Cheadaigh an tsochaí ina bhfuilimid beo an bharbarthacht seo, idir na hárais, iad sin a rith iad go dtí 1990, agus an pobal a dhún an tsúil air.

Deir an PSNI go bhfuil fiosrú oscailte acusan; is maith sin fhad is nach gcuireann sé moill ar na céimeanna atá éilithe ar Stormont agus ar na hinstitiúidí.

Fág freagra ar 'Ní ar na máithreacha a náiríodh ba cheart náire a bheith'