Seachain ar a bhfaca tú riamh an gcuirfeá ceas ort féin ag ithe iomarca den cháca Nollag an fhéile seo. Ná déan caora díot fein ag ól ach an oiread. Peaca é an craos. Ceann de na seacht gceannpheaca marfach é go deimhin.
Cuireann sin scéal i gcuimhne dom faoi fhear as Conamara a chuaigh isteach i dteach tábhairne an lá tar éis Lá Féile Stiofáin. Bhí ruaigeanna móra óil déanta aige agus é chomh tinn le mada ag an bpóit. “Ó muise, a mhac,” a dúirt sé, “nach mór is fiú nach raibh ag Dia ach aon mhaicín amháin.”
Bhí buíochas Dé air nach ag déanamh craois a bhí sé san am a bhfuil cur síos air sa Sean-Tiomna. An t-am sin dá mbeadh mac ceanndána nó easumhal ag duine, gan aird aige ar ghuth athar nó máthar fiú nuair a chuirfidís pionós air as craos a dhéanamh, d’fhéadfadh go gcuirfí chun báis de chlocha é.
Ach cáca na Nollag arís. Ceapaire na Nollag a thugtaí in áiteanna sa tír ar cháca na Nollag. Is maith is cuimhin liom a bheith amuigh leis an dreoilín os cionn seasca bliain ó shin. Cuimhním ar chuid de na tithe a ndeachamar iontu ach is é an rud is mó a fhanann i mo chuimhne an canda breá de cháca Nollag a thug bean amháin dom. Is mé a d’ith é go buíoch beannachtach.
Traidisiún Sasanach é an cáca Nollag. Bhí leagan dá gcuid féin ag na hAlbanaigh de. ‘Whisky Dundee’ a thugaidís air. In Dundee a tosaíodh á dhéanamh ar bhonn tráchtála i ndeireadh an ochtú céad déag ach d’fhéadfadh sé go ndearnadh do Mháire, Banríon na hAlban, roimhe sin é.
De réir an tseanchais níor thaitin silíní glacé le Máire i gcáca agus rinneadh cáca di a raibh almóinní bánaithe ann in áit na silíní.
Tuairiscítear gur cáca a bhí ann a thaitin thar cionn le Winston Churchill agus go raibh an-tóir ag an nBanríon Eilís a Dó air freisin.
Ní dhearna sé aon dochar do cheachtar acu.
Fuair an bheirt acu aois mhór.
Maidir le dea-Nollaig a ghuí ar dhuine is beag an loiceadh a rinne mo shin-seanmháthair nuair a dúradh ‘happy Christmas’ léi blianta fada ó sin. Ba mhinic a bhíodh ’time’, mar a thugtaí air, sa teach acu. Tráth dá raibh ceilp á tabhairt as Cill Chiaráin go hAlbain tharla sé go raibh cúpla duine de na mairnéalaigh ag an ‘time’ aimsir na Nollag bliain amháin. ‘Happy Christmas now, Mrs Cooke,’ a dúirt duine acu le mo shin-seanmháthair agus é ag imeacht. Ní raibh aici ach corrfhocal fánach Béarla.
“I hopes you,” a dúirt sí.
Ní drochiarracht a bhí ann.
Bhí aithne agam féin ar bhean ar dúradh ‘happy Christmas’ léi agus gan í cinnte ar chor ar bith den fhreagra Béarla. ‘Teastaíonn sin uainn go bhfóire Dia orainn,’ a dúirt sí
Sách cliste agus sách ráite.
Níl le déanamh agamsa anois ach Nollaig mhaith a ghuí oraibhse go léir i nglanGhaeilge: Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise daoibh. Nollaig mhaith chugaibh.
Nár dhéana cáca na Nollag díth ná dochar daoibh.
Larry Phelan
Gurab amhlaidh dhuit a Joe, is go mbeirimid beo ar an am seo aríst.