Cainteoir líofa Gaeilge é duine amháin den naonúr déag airí stáit nua a d’fhógair an Rialtas inné, Thomas Byrne ó Fhianna Fáil.
Mar a bhíothas ag súil, ag fanacht le haire sinsearach – Dara Calleary – a bheidh cúram na Gaeltachta, an chéad uair gur tharla a leithéid ó 2011.
Tá Thomas Byrne, a bhí ina aire stáit Gaeltachta sa rialtas deireanach, ceaptha mar aire stáit do ghnóthaí Eorpacha sa rialtas nua. Chaith an Teachta Dála don Mhí Thoir tréimhse mar aire stáit do ghnóthaí Eorpacha roimhe seo idir 2020 agus 2022.
Naonúr Gaeilgeoirí atá ceaptha ina n-airí nó ina n-airí stáit ag an rialtas nua.
Bhí seachtar Gaeilgeoir i measc an chúigear déag airí sinsearacha a ceapadh an tseachtain seo caite, seisear ó Fhianna Fáil agus duine amháin ó Fhine Gael.
Is iad an seisear ó Fhianna Fáil an Taoiseach féin, Micheál Martin; Dara Calleary, atá ina Aire Coimirce Sóisialaí agus ina Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta; an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan; an tAire Aeráide agus Iompair Darragh O’Brien; an tAire Leanaí agus Daoine faoi Mhíchumas, Norma Foley; agus an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers.
An tAire Cumarsáide Ealaíon agus Meán, Patrick O’Donovan, an t-aon duine de sheachtar airí Fhine Gael a bhfuil dóthain Gaeilge aige le hagallamh beo a dhéanamh leis na meáin Ghaeilge.
Tá roinnt Gaeilge freisin ag duine de na mórairí stáit nua, Hildegarde Naughton, a bheidh freagrach as daoine atá faoi mhíchumas.
Ceathrar mórairí stáit a fógraíodh an tseachtain seo caite – Naughton, Noel Grealish, Seán Canney agus Mary Butler.
Fógraíodh ceapacháin naonúir déag airí sóisearacha eile inné a fhágfaidh go mbeidh an líon is mó airí stáit riamh sa rialtas nua, 23.
Bhí doiléire beag ar feadh tamaill tráthnóna inné faoi cé air a bheadh an phríomhfhreagracht as an nGaeltacht agus an cúram sin luaite ar liosta oifigiúil na n-airí stáit nua leis an aire stáit, Jerry Buttimer, an Teachta Dála de chuid Fhine Gael as Corcaigh Theas-Lár.
Ach dheimhnigh Tuairiscnach mbeidh cúram na Gaeltachta á tharmligean le haire stáit ag Dara Calleary, an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Ceapadh Jerry Buttimer ina aire stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus sa Roinn Iompair.
Fág freagra ar 'Naonúr Gaeilgeoirí ceaptha ina n-airí nó ina n-airí stáit sa rialtas nua'