Agus airí stáit an rialtais nua á bhfógairt inniu, ábhar faoisimh do lucht feachtais é nach mbeidh a bhfuil i ndán don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag brath ar aire sóisearach an uair seo.
Mura ndéantar fógra gan choinne inniu, ar an aire sinsearach nua Dara Calleary a bheidh príomhchúram na Gaeltachta, seachas é a bheith á tharmligean le haire stáit mar a tharla i gcás gach rialtais ó 2011.
Dúirt Calleary, a ceapadh an tseachtain seo caite ina Aire Coimirce Sóisialaí agus ina Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, go síleann sé gur air féin a fhágfar cúram laethúil na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chomhrialtas nua.
Bhí aire sinsearach don Ghaeilge i measc na n-éileamh réamhthoghchán a bhí ag Conradh na Gaeilge.
D’éiligh siad chomh maith go gceapfaí aire stáit ar leith a bheadh ag plé le cás na Gaeilge sa chóras oideachais.
Roimh an toghchán, dúirt Fine Gael go raibh siad “dearfach” faoin moladh sin agus dúirt Fianna Fáil go mbeidís sásta é “a mheas”.
Ní mór na cainteoirí Gaeilge atá i measc na dTeachtaí Dála is mó atá á lua leis na haireachtaí stáit atá le fógairt inniu.
Ní cainteoir Gaeilge aon duine den chúigear neamhspleách a bhfuil ceann den 23 aireacht stáit geallta cheana dóibh mar chuid den mhargadh faoinar bunaíodh an chomhrialtas nua – Seán Canney agus Noel Grealish, a bheidh mar mhór-airí stáit agus cead acu suí ag bord an rialtais, agus Marian Harkin, Kevin ‘Boxer’ Moran agus Michael Healy-Rae.
Fágann sin go mbeidh deichniúr airí stáit ag Fianna Fáil agus ochtar ag Fine Gael.
Tá beirt mhórairí fógartha cheana ag páirtithe an rialtais, Hildegarde Naughton Fhine Gael, a bhfuil roinnt Gaeilge aici, a bheidh freagrach as daoine faoi mhíchumas agus Mary Butler a bheidh ina príomhaoire agus í freagrach as cúrsaí meabhairshláinte.
Cé go bhfuil Gaeilge ag 18 de Theachtaí Dála Fhianna Fáil, ceapadh seisear acusan ina n-airí sinsearacha rialtais an tseachtain seo caite. Teachtaí Dála a toghadh chun na Dála den chéad uair iad seisear eile de na cainteoirí Gaeilge atá ag Fianna Fáil.
Údar díomá do Thomas Byrne, a bhí ina aire stáit na Gaeltachta sa rialtas deireanach, nach bhfuair sé ardú céime an tseachtain seo caite agus tá sé ionann is cinnte go mbeidh aireacht stáit arís aige. Tá duine de na cainteoirí Gaeilge nua atá ag Fianna Fáil sa Dáil á lua le hardú céime a fháil láithreach bonn, an t-iarsheanadóir Catherine Ardagh.
Seachas sin ní cainteoirí Gaeilge na Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil is mó a shíltear aireacht stáit a bheith i ndán dóibh – Charlie McConalogue nár roghnaíodh ina aire sinsearach arís, Niall Collins, Seán Fleming, Timmy Dooley, Niamh Smyth, Jennifer Murnane O’Connor agus Michael Moynihan.
As na daoine eile ó Fhianna Fáil is mó atá á lua le haireacht stáit is é Cathal Crowe, an Teachta Dála as contae an Chláir, an t-aon duine a bhfuil Gaeilge aige.
Níl ach seisear Teachtaí Dála ag Fine Gael a bhfuil Gaeilge acu. Tá duine acusan, an t-iar-aire stáit Gaeltachta Patrick O’Donovan ceaptha ina Aire Cumarsáide, Ealaíon agus Meán. Tá beirt eile acu á lua le haireacht stáit, Jerry Buttimer, iarchathaoirleach an tSeanaid, agus Barry Ward, an t-iarsheanadóir a toghadh chun na Dála den chéad uair san olltoghchán.
As na Teachtaí Dála eile de chuid Fhine Gael, meastar go bhfágfar ina n-airí stáit Alan Dillon, Neale Richmond, Emer Higgins agus Kieran O’Donnell agus tá leithéidí John Cummins, Frank Feighan agus John Paul O’Shea á lua le post chomh maith. Tá caint ann chomh maith faoi na Teachtaí Dála nuathofa, Catherine Callaghan agus James Geoghegan.
Is iad an 23 aire stáit, a n-íocfar gar do €160,000 sa bhliain leo, an líon is mó airí sóisearacha riamh.
Tá brú ar pháirtithe an rialtais a chinntiú go mbíonn cuid mhaith ban i measc na gceapachán i ndiaidh na conspóide faoi cheapachán na n-airí sinsearacha an tseachtain seo caite. Mná atá i dtriúr den 15 aire a fógraíodh, Helen McEntee (FG), An tAire Oideachais agus Óige, Jennifer Caroll MacNeill (FG), an tAire Sláinte nua agus Norma Foley (FF), an tAire Leanaí agus Daoine faoi Mhíchumas.
Fág freagra ar '23 aire stáit le ceapadh, ach dóchas ann go mbeidh an Ghaeltacht ag aire sinsearach an geábh seo'