‘Naíscoil na Seolta’ –an chéad naíscoil Ghaeilge le bunú in Oirthear Bhéal Feirste

Dúirt an gníomhaí Gaeilge Linda Ervine gurb é bunú na naíscoile ‘an chéad chéim i dtreo bunscoil chomhtháite Ghaeilge a bhunú sa cheantar’

‘Naíscoil na Seolta’ –an chéad naíscoil Ghaeilge le bunú in Oirthear Bhéal Feirste

‘Naíscoil na Seolta’ an t-ainm a bheas ar an chéad naíscoil chomhtháite Ghaeilge atá le bunú in Oirthear Bhéal Feirste an bhliain seo chugainn.

Agus ainm na naíscoile úire fógartha ag an ghníomhaí Gaeilge Linda Ervine, dúirt sí go raibh ‘forbairt leanúnach’ á déanamh ar na pleananna don naíscoil Ghaeilge.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie dúirt Irvine, atá ina stiúrthóir ar chúrsaí Gaeilge in ionad Turas in Oirthear Bhéal Feirste go bhfuil ‘bóthar fada’ roimh choiste an ghaeloideachais sa cheantar ach go raibh súil acu go n-osclófar Naíscoil na Seolta i Meán Fómhair 2020.

“Anois tá ainm agus lógó againn don naíscoil úr agus beidh an t-ionad á fhógairt go luath chomh maith,” arsa Irvine. 

Is nod d’oidhreacht na longtógála in ‘Harland and Wolff’ in Oirthear Bhéal Feirste é ainm ‘Naíscoil na Seolta’ agus beidh íomhá den chrann tógála aitheanta buí le feiceáil ar shuaitheantas na gcultacha scoile. 

Dúirt Linda Ervine gurb é bunú na naíscoile “an chéad chéim i dtreo bunscoil chomhtháite Ghaeilge a bhunú sa cheantar” agus go raibh “aischothú thar a bheith dearfach” faighte ó mhuintir an cheantair don Ghaeloideachas comhtháite.

“Níl a leithéid de rud ann in Oirthear Bhéal Feirste agus scoil Ghaeilge nó scoil chomhtháite. Más maith leat fáil a bheith agat ar an dá earnáil sin caithfear taisteal taobh amuigh den cheantar.”

“Beart ciallmhar a bheadh earnáil na Gaelscolaíochta agus an earnáil chomhtháite a tharraingt le chéile in Oirthear Bhéal Feiste,” a dúirt Ervine.

Dúirt sí go raibh sí ag déanamh go mbeadh “an-rath” ar an togra seo.

Thug Ervine le fios go raibh ainmneacha páistí curtha ar liosta feithimh na naíscoile cheana féin agus dúirt sí go gcuirfí fáilte go luath roimh thuismitheoirí ar mian leo a gcuid páistí a chlárú chun freastal ar Naíscoil na Seolta.

Cuireadh tús leis an choiste chun an Gaeloideachas a fhorbairt in oirthear Bhéal Feirste mí na Nollag seo caite. Is iad Comhairle Thuaisceart Éireann um Oideachas Comhtháite (NICIE) agus Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) an dá eagraíocht is mó atá ag tacú leis an fhiontar.

“Seo an chéad uair ar tháinig an dá dhream seo le chéile agus tá siad ag iarraidh go mbeidh rath ar an togra,” a dúirt Linda Ervine.

Fág freagra ar '‘Naíscoil na Seolta’ –an chéad naíscoil Ghaeilge le bunú in Oirthear Bhéal Feirste'

  • Cormac Ó Donnghaile

    Ar fheabhas ar fad! Tréaslaím go mór le Linda agus le lucht ‘Turas’, as an dul chun cinn réabhlóideach seo! Go néirí go geal le bhur gcuid iarrachtaí!

  • séamus Mac Seáin

    tuar dóchais gan amhras
    ach an ceart a choīche Bhí Naiscoil Mhic Airt in Oirthear na Cathrach sna 1970í as a dtáinig Scoil an Droichead. agus Is scoileanna “chomhtháite” iad
    na Gaelscoileanna uilig i mBéal Feirste a chuireann fâilte roimhe gach cine agus gach aicme creidimh ionta agus nach bhfuil faoi choimirce aon Eaglais ar leith. Ba iad na tuismitheóirí iad féin a bhunaigh agus choinníonn ag dul iad ach is iarracht ar leith í scoil seo na Seolta i suíomh ar leith agus moltar iad atá taobh thiar di. Treise leo.

  • Sibéal

    Ní mór an pobal go léir a tharraingt libh. Tá go leor fógraí do thograí Ghaelacha a scriostar nó a thógtar san oíche.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    “naíscoil”?? cé a rinne dearmad faoin ‘o’?
    Bhí naíolann againn, ansin bhí naíonra againn, agus anois ní ‘naíoscoil’ ach “naíscoil”???

  • Pól Ó Braoin

    Comhghairdeas leo san iarracht agus go n-éirí go geal leis an naíscoil…