NACH GRÁNNA É? Tart an tobair chugat…

Tart an tobair chugat a déarfaí le duine nó le beithíoch a bheadh ag ól iomarca. Is gránna an eascaine í. Tharlódh sé go mbeadh íota ort leis an tart.  Bheifeá spalptha leis an tart. Bheifeá caillte leis an tart. Bheifeá spallta nó stiúgtha leis an tart. Bheadh do theanga amuigh agat leis an tart. […]

NACH GRÁNNA É? Tart an tobair chugat…

Tart an tobair chugat a déarfaí le duine nó le beithíoch a bheadh ag ól iomarca. Is gránna an eascaine í.

Tharlódh sé go mbeadh íota ort leis an tart.  Bheifeá spalptha leis an tart. Bheifeá caillte leis an tart. Bheifeá spallta nó stiúgtha leis an tart. Bheadh do theanga amuigh agat leis an tart.

Tart dochoiscthe a bheadh ann b’fhéidir.

Tagann tart bruithleacháin ar bheithígh agus is minic a chuireann sé cuid acu chun báis.

Ní thabharfadh sé deoch den uisce dhuit dá mbeifeá ag fáil bháis leis an tart a déarfaí faoi dhuine gortach.

Doirt do dheoch is beidh tart ort – níor cheart rudaí a chur amú.

Is beannaithe an dream ar a mbíonn ocras agus tart na córa óir sásófar iad, a dúirt Críost.

Nach bhfeiceann sibh éan an phíobáin réidh,

A chuaigh in éag leis an tart ar ball, a dúirt Cathal Buí Mac Giolla Ghunna faoin mbonnán buí.

Tart deireadh an óil, brón deireadh na meisce.

Galar gan náire an tart ach sháraigh an tochas é.

Tart, ocras agus grá na trí ní nach féidir a cheilt.

Fág freagra ar 'NACH GRÁNNA É? Tart an tobair chugat…'