Ní raibh sé míle ó chac bó ariamh, a déarfaí faoi dhuine nach raibh i bhfad ó bhaile ariamh. Scil Chormaic i gcac na ngabhar atá aige ann a déarfaí faoi dhuine nach mbeadh scil ar bith aige sa rud. Tá do chac deireanach déanta agat a déarfá leis an té a bheadh i gceist agat a mharú. Tá cac le poll aige a déarfaí faoi dhuine a mbeadh an-deifir air.
Seo leaganacha eile:
Cac dreancaide féin níorbh fhiú é: níorbh fhiú tada é.
Bhí rud aige go deimhin, cac muice lá ceo.
Diabhal blas anois ann ach cac an tairbh ar an tine.
Cac ar aithris ( sin a dhéanfadh maidrín lathaí).
Chac sé ar na huibheacha: rinne sé praiseach de chúrsaí.
Tháinig an lá ina chac báistí.
Bhuail muid go cac iad.
Rith sé le cac faitís.
Séamas an chaca a tugadh ar an Rí Séamas II nuair a rith sé as Cath na Bóinne.
Carraig
Tá do chac agat! (In airde ar pholl do thóna!)
Ná bí ag caitheamh chaca chugam!
Tá do chac i mbéal do phoill agat!
Gob i gcac is ea thú. (Gobshite)
Cuireata gan garda is ard a chacann sé!
Cac asail sa deepfreeze!
Is fearr unsa folaíochta ná tonna caca.
Go bpléasca do chac thú!
Mairéad
Inter faeces et urinam nascimur.