Nach deas é? ‘Tá sé sna cuacha deireanacha…’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e? Bladerunner

Tá sé ar a liosta ag an bhfiach dubh, a deirtear faoi dhuine a bhfuil baol báis air. Tá sé sna cuacha deireanacha a deirtear nuair a bhíonn sé ag saothrú an bháis. Cheapfá go mb’fhéidir go bhfuil baint éicint aige leis na cuacha deireanacha a imíonn as Éirinn ach ar ndóigh níl: cuach eile atá i gceist, osna nó tromosna.

Bíonn clochar an bháis ann an uair sin. Deir na foclóirí linn gurb ionann clochar agus glothar. Glugar an bháis a thugtaí i Ros Muc air.

Dúirt tráchtaire amháin go bhfuil an glór atá ag Bob Dylan chomh garbh anois gur cosúil le glothar an bháis é! I bhfad uainn an lá nó an oíche agus chuile anachain dá réir. Tá sé sna cuacha deireanacha. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Tá sé sna cuacha deireanacha…’'

  • padraig

    ta se ag foghlaim an bhais/ta se in ursain an bhais/ta se i gcroili an bhais/ta an bas ag snamh ar a chraiceann/ta se sna croiti deireanacha/ta an bas ar a thi/ta se ag ceiliuradh/ta a chruibini in airde!!!!