NACH DEAS É?: Tá saint chun na Gaeilge air…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É?: Tá saint chun na Gaeilge air…

Bhíodh drochcháil ar an tsaint i gcónaí.  Bhí peaca na sainte ann. Beart na sainte a deirtí scaití.

Tá seo sa mBíobla: 

Dúil san airgead is bun do gach olc agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí acu.

An té a bhíonn santach bíonn sé éadálach, amplach, cíocrach, leithleach.  Tugann sé go santach faoi bhia agus alpann sé siar go santach é. 

Bíonn sé ag placadh, ag alpadh agus ag slogadh. 

Bíonn sé craosach, airceasach [airceach].

Sclamhaire nó scloitéir a thabharfá air.  

Le lucht saibhris is mó a luaitear an tsaint. Bhí sé chomh tugtha don airgead gur chosúil le saint é a déarfaí.

D’fhéadfadh saint chun cumhachta a bheith ar dhuine freisin, nó saint chun na Gaeilge fiú amháin.

Seo leaganacha eile a bhfuil an focal saint nó an focal santach iontu:

Nuair a chaillfeas an Eaglais an tsaint,

Tiocfaidh an fiach dubh ag caint,

Dhá dtrian galra in oíche,

Dhá dtrian baoise in óige,

Dhá dtrian sainte ag lucht saibhris,

Dhá dtrian cainte ag lucht póite.

Meallann an bhréag an tsaint.

An té a bhíonn santach bíonn sé sáinneach —cuireann an tsaint i dteannta é.

Saint gan sonas éiríonn an donas di.

Seachain an tsaint is gheobhaidh tú biseach.

Is fearr an tsláinte ná an tsaint.

Na bí santach an cailín a thógáil mar a fheicfeas tú í Dé Domhnaigh.

Ní thuigeann an fear santach an fear flaithiúil.

Duine óg santach údar seandiabhail.

Corruair úsáidtear an focal santach nuair a bhítear ag moladh duine. Bhí sé/sí santach ag obair a déarfaí faoi dhuine nach mbeadh fuacht ná leisce air nó uirthi.

Deirtí gur minic santach gnóthach—gur mór a chuireann an tsaint ar an duine sin a dhéanamh. Deirtí freisin gur cúis sainte an riachtanas agus gur minic fear aonraic santach.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: Tá saint chun na Gaeilge air…'

  • Brendan Keane

    “chaillfeas” – foirm an bhriathar ar ceal san bhfoclóir. Cuir foirmeacha táite an canúint ins an teanglann.ie nó déan breis-fóigrín caighdeánach in aice focail neamhchoitiantach.