NACH DEAS É? Tá mé chomh tinn le gadhar

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Tá mé chomh tinn le gadhar

Tá mé chomh tinn le gadhar. Chuala mé bean á rá sin an lá faoi dheireadh.  Is cosúil gur ón mBéarla a tháinig sé. Sa mbliain 1705 a  scríobhadh i mBéarla i dtosach é. Ní fios fós cén fáth ar samhlaíodh an tinneas leis an ngadhar seachas le hainmhí ar bith eile.

Tá an focal coinbhreoite sa nGaeilge. An bhféadfadh sé gur con (cú) atá i gceist ansin. Cá bhfuil Scoláirí Móra na Gaeilge anois nuair is géar a theastaíonn siad uainn?

Is leigheas ar shúile tinne thú a fheiceáil. Chonaic mé é sin scríofa in áit eicínt. Is dócha gur ón mBéarla a tháinig sé freisin. Seo leaganacha eile a bhfuil na focla tinn nó tinneas iontu:

Dá dhonacht an tinneas is measa an bás.

Coinnigh beagán le haghaidh na coise tinne – lá an ghanntain, lá an anró.

Bíonn tinneas a clainne ar an máthair i gcónaí.

Tinn uaidh agus tinn gan é – marbh ag tae is marbh gan é.

Is bocht é an grá, bíonn deireadh tinn air.

Is trom an tinneas an grá is is deacair a fháil as.

Ní théann an tinneas i gcraiceann a chéile – ní ghoilleann trioblóidí na ndaoine ar a chéile,  nó lena rá ar bhealach eile,  an tinneas aigne  (nó coirp) a bhíonn ar dhuine eile ní luíonn sé ormsa.

Tá luibh ann le haghaidh gach tinnis.

Bruith is teas tús tinnis.

Fear fiosrach, fear tinn.

Is measa an atitim ná an chéad tinneas.

Ná tabhair amach aon splanc mar tá an cut tinn – pisreog nach ceart tine a ligean as an teach má tá duine tinn ann.

Súil, glúin agus uille, na trí ní is tinne.

Bhí mo chroí tinn ina ndiaidh.

Tá mé tinn tuirseach de.

Is tinn dóite an cás é.

Más tinn nó más slán dúinn.

Meath-thinn – breoitiúil, coinbhreoite.

Tinneas a ghlanadh as do chreatacha.

Tinneas a bheith ina leannán agat – é ag teip ort fáil réidh leis.

Chuaigh an tinneas in ainseal air –d’fhan sé i bhfad air.

Easnacha tinne a fhágáil ag duine – bualadh maith a thabhairt dó.

Tá tinneas na circe air – tá sé giongach,  corrthónach.

An tinneas mór – titeamas.

Ag fuasaoid tinnis.

Ag tolgadh tinnis.

Fuíoll tinnis.

Poc tinnis, rabhait tinnis, ráig thinnis, slaod tinnis, spreabhraídí tinnis, taom tinnis, tinneas treascrach.

Tá mé chomh tinn le gadhar. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Tá mé chomh tinn le gadhar'

  • Pól Ó Braoin

    Go raibh céad míle maith agat, a Sheosaimh. Nathanna breátha cainte curtha os mo chomhair ansin agat, bail ó Dhia ort. Obair den scoth déanta ansin agat agus na cainteanna sin curtha le chéile go glan soiléir agat…