NACH DEAS É? Tá m’aigne ina theallach ceártan…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Tá m’aigne ina theallach ceártan…

Tá m’aigne ina theallach ceártan a déarfadh duine a mbeadh meabhrán nó roithleán ina cheann. Tugtar an teallach ar oirnis an ghabha, i.e. na boilg, an tine, an inneoin agus an t-umar.

Níl aon teallach chomh maith le do theallach féin, a deirtear. Is fearr dhuit do theallach féin ná teallach na gcomharsan.

Ar an teallach a chaith tú do shaol a déarfaí le duine gan aird nach ndearna aon obair ariamh.

Comhrá cois teallaigh—caint nach bhfuil mórán brí léi, comhrá cailleach.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal teallach iontu:

Airgead teallaigh—cíos a bhíodh le n-íoc ag daoine.

Leac teallaigh – leac tinteáin.

Bróga teallaigh—slipéir.

An teanga teallaigh—teanga an bhaile.

Fataí teallaigh—iad tar éis a mbruite; ghlantaí áit ar an teallach dóibh agus chuirtí splancracha os a gcionn le craiceann donn a chur ar na fataí.

Glan an teallach is ná fág an teach folamh: pisreog; ionas go mbeadh rud eicínt le n-ithe ag na daoine maithe nuair a thiocfaidís isteach san oíche.

Nuair a éiríonn an ríste ar maidin suíonn sé ar an teallach ag súil le cúnamh.

Teallach fuar sa samhradh teallach te sa ngeimhreadh.

Is maith an caladh an teallach, is maith an seol an phluid.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Tá m’aigne ina theallach ceártan…'