Bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha, mar a dúirt Joe Biden le Donald Trump.
Nár imí uainn ach sibh, mar a dúirt Ursula von der Leyen le Boris Johnson.
Imeacht Fungie ort! (Imeacht gan tuairisc ort.)
Mura mbeidh tine agat duit féin déan do ghearán le Eamon Ryan.
Ní rún é má tá a fhios ag Leo é.
Galar gránna é an fliú ach sháraigh Covid-19 é.
Tiocfaidh ár lá, mar a dúirt peileadóir Mhaigh Eo le peileadóir Átha Cliath.
Chomh luaineach le Phil Hogan ar a bhealach don Chlochán.
Poraic o'hEipicín
Go sár mhaith.
Patrick
Tá se thar moladh beirte, mar a déarfadh Manchan Magan