NACH DEAS É? Ní crua linn an obair ina mbíonn ár gcroí…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Ní crua linn an obair ina mbíonn ár gcroí…

Is iomaí rud a bhíonn crua seachas obair. Seo cuid acu: sneachta, uisce, troid, sioc, Gaeilge, siúl, ceist, rás, troid, croí.

Bíonn lá crua geimhridh ann scaití agus oíche chrua seaca. Deoch a ól crua a dhéanfá dá gcaithfeá siar braon fuisce gan aon uisce tríd.

D’fhéadfadh rud a bheith chomh crua le leic, le cloch eibhir, le drioball (eireaball) an bholmáin, le hadharc pocaide.

Tá feamainn ann a dtugtar feamainn chrua uirthi.  I mbarr an chladaigh a fhásann sí ina sreangáin as an gcloich.

Aimsir churadóireachta bhítí ag trácht ar thalamh crua. Sin talamh bán ar deacair é a chur de bharr a bheith fágtha i bhfad gan deargadh.

Tá iasc beag ann ar a dtugtar an ceann crua. Tá ainmneacha eile air freisin, ceannruán, craigirlín, cruachán, malrach Cháit.

Cneagaire nó creagaire a thugtar ar dhuine a bhíonn crua ar airgead. Duine crua cadránta a bhíonn ann.  Seo mar a dúirt Raiftearaí:

Sú na heorna glaise,

Níor facthas riamh a mháistir,

Níor fhás sé tríd an talamh,

A leithéide de ghráinne.

Is é a bhéarfadh croí don phreabaire,

agus bainne cích’ don bhanaltra,

is bogann sé an creagaire,

Nár chaith dhá phínn le ráithe.

Is é an moladh a bhíodh ar fhear maith crua, go raibh sé ligthe scaoilte, agus ar bhean phiocúil, bheo, sciobtha, go raibh sí crua fáiscthe.

Seo mar a dúirt file eile:

Buachaill caol ard atá i mo ghrá is é lom tanaí crua.

D’fhéadfá a bheith crua i do bholg, ceangailte, triomaithe, iata.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal crua iontu:

Chuaigh mé go bog is go crua air – rinne mé chuile iarracht dul i bhfeidhm air.

An ghaoth aduaidh bíonn sí crua is cuireann sí fuacht ar dhaoine.

Lá crua, ceo ó thuaidh is gaoth aneas—an lá is fuaire ar fad, b’fhéidir.

Dá shine an gabhar is ea is crua a adharc—dá shine an duine is láidre a thréithe ann.

Fataí úra is bainne géar, is crua an croí nach scrúdfadh sé.

Más crua caite é mo ghiall, ní ar m’fhiacail atá an locht –duine a itheann go leor is nach mbíonn snua a chodach air ina dhiaidh sin.

Ith smior mairt is bí crua tapa, ith smior muice is bí mór meata.

An rud a bhailítear go crua imíonn sé go dona.

Ná bí crua agus ná bí bog,

Ná tréig do charaid ar do chuid.

Tá tagairt dó sin sa mBíobla:

Ná tréig do chara, ná cara d’athar:

Ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste.

Is fearr comharsa i mbéal an dorais

Ná deartháir i bhfad ó bhaile.

Buille na leasmháthar, buille trom gan torann,

Bíonn caol crua is leathan láidir.

Caol-ioscadach, crua miotalach—duine tanaí crua.

An taobh crua den leaba is an chuid chaol den bhia—is iad is sláintiúla.

Má thugann tú buille bog dó, tabharfaidh sé buille crua duit.

Nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith.

Ní crua na clocha glasa ná na lámha folamh.

Bíonn chuile ní crua ag an leisce.

Déanann leisce chuile ní crua agus umhlaíocht chuile ní réidh.

Bíonn cosa crua ar chapall iasachta—baintear neart oibre as capall (nó eile) atá ar iasacht.

Codlaíonn gach neach ar an gcréacht,

Nach mbaineann leis féin go crua.

Beir crua ar neantóg is ní dhéanfaidh sí tú a dhó—ionsaigh deacracht ar bith go crua.

Má tá do bhean mar atá an scian,

Séard a deir gach dís nach maith é a méin,

Righin fada, fuar, crua, tanaí géar.

Céard a cheapfá faoin rann seo?

Is deas é an t-ól,

Bheir sé spóirt d’fhear gan croí,

Féile don fhear a bhíos crua,

Ciall is stuaim don daoi.

Níor mhinic crua folamh.

Is crua an máistir an saol.

Saothraíonn an droim an bolg— ní gan obair a fhaightear luach bia.

Ní crua linn an obair ina mbíonn ár gcroí – an cúram a thaitníonn linn ní bhíonn aon doicheall againn roimhe.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Ní crua linn an obair ina mbíonn ár gcroí…'

  • Brendan Keane

    Cnuaach docht.