NACH DEAS É? Nach iontach an coileach é

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Nach iontach an coileach é

Nach iontach an coileach é a déarfaí faoi fhear a mbeadh dul ar aghaidh agus misneach aige agus nach seasfadh siar ó aon fhear.

Nach iontach an collach é a déarfaí faoi fhear mór garbh nó faoi fhear gáirsiúil.

Níor mhór dhuit a bheith cúramach faoi na leaganacha cainte sin a fhuaimniú i gceart.

D’fhéadfaí nach hí an coileach í a rá faoi chailín óg a mbeadh a teanga ar a comhairle féin aici agus a bhainfeadh ceart amach gan bhuíochas.

Is iomaí sin cineál coiligh ann – coileach comhraic, coileach ceannainn, coileach dubh, coileach feá, coileach francach, coileach fraoigh, coileach guine, coileach péacóige, coileach Márta.

Tá an coileach bradáin ann freisin—bradán fireann.

Maidir leis an gcoileach Márta coileach é sin a rugadh i mí Márta, agus ar rugadh a athair agus a mháthair freisin i mí Márta. Tá sé in ann duine a shábháil ar spiorad.

Coileach a thiocfadh amach sa Márta agus a athair agus a sheanathair freisin, nuair a ghlaonn sé tá dainséar na hoíche thart agus níl diabhal ná sióga in ann baint le daoine.

Sháraigh sé an coileach ag faire ar an lá a déarfaí faoi dhuine nach mbeadh in ann aon suaimhneas a dhéanamh san oíche ach a bheadh ag smaoineamh ar éirí.

Tráthaí coiligh a thugtaí ar choileach a ghlaodh ag uaireanta rialta.

‘Tá Mac na hÓighe Slán,’ a deireann an coileach nuair a bhíonn sé ag glaoch.

Bíonn gairm na gcoileach ann tamall roimh lá nó ag a dó dhéag san oíche.

Nuair a ghaireann coileach gaireann chuile choileach.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal coileach iontu:

Lá Fhéil’ Stiofáin bíonn fad coiscéim coiligh ar an lá.

Coiscéim coiligh ar charn aoiligh – iompar sotalach.

Ní dheachaigh sé coiscéim coiligh ón teach ariamh.

Ba í coileach a charn aoiligh féin ab fhearr leis – an cailín béal dorais.

Níl coileach ar bith is fearr dhuit ná coileach do shráide féin.

Is teann gach coileach ar a charn aoiligh féin.

Beathaíodh an coileach é féin agus beathóidh an chearc a hál.

An coileach ag déanamh cothrom na Féinne i measc na gcearc – is aige féin a bheidh an chuid is fearr.

Mise i bpáirt leat, mar a dúirt an sionnach leis an gcoileach—is ar mhaithe leis féin a bhíonn an duine láidir (nó glic) i bpáirt leis an duine lag.

Is dubhach don teach nuair a ghlaonn an chearc níos airde ná an coileach—nuair a ghlacann an bhean áit an fhir.

Coileach bán ar chearca nó file mná i mbaile – ní maith ceachtar acu a deirtí.

Spáráil na circe fraoigh ar an bhfraoch agus an coileach á scaipeadh.

Tá tú i do choileach i gcoirnéal anois – tá tú sáinnithe.

D’éirigh sé ina choileach chugam –d’éirigh sé feargach agus trodach liom.

Coileach gaoithe a thugtar ar an gcoileach a thaispeánann cén ceard a séideann an ghaoth.

D’fhéadfaí é a thabhairt freisin ar an té a bheadh ag athrú a intinn/a hintinne go minic.

Coileach na luaithe – criogar.

Bíonn sprochaille faoina “smig” ag an gcoileach.

Maidir leis an gcollach, taobh amuigh den chollach muice tá an collach portáin ann. Thugtaí collach freisin ar asal fireann, ar stail chapaill, agus ar bhodóg ramhar.

Nach iontach an coileach é… Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Nach iontach an coileach é'

  • Seán Mistéil

    Maith thú, a Sheosaimh! 5 am ar maidin – ró-luath don coileach féin, cheapfainn. Ach is maith is fiú do shaothar a bhlaiseadh in athuair!