NACH DEAS É? Mórán brí i mbeagán focal…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Mórán brí i mbeagán focal…

Mórán brí i mbeagán focal a thabharfaí ar an mbua a bheadh ag duine a bheadh in ann caint a dhéanamh a bheadh gonta agus a mbeadh ciall léi. Cóngar cainte lena rá ar bhealach eile.

D’fhéadfadh duine a bheith ag dul in ísle brí -ag lagan agus ag dul chun deiridh. Ba mheasa ná sin mura mbeadh brí cait ionat. Níl de bhrí ann ach an oiread is a bheadh i slat mhara lofa.

‘I leigheas an ghalair ná bí mall,

Níl brí sa luibh nach mbaintear in am.’

Dar brí m’fhocail agus a bhfuil de leabhair in Éirinn, a déarfá dá mbeifeá ag iarraidh teannadh a chur le do ráiteas.

Nuair nach mbíonn aon bháisteach throm air ‘ní dhéanfaidh sé brí’ nó ‘brí bháistí’ a deirtear.

Cé bhrí ach gur tháinig an fhearthainn orainn.

Cuirtear daoine faoi bhrí na mionn.

Cuirim faoi bhrí Dé is na Maighdine thú a déarfaí le duine a bheadh ag dul ar aistear.

Arsa Raiftearaí:

‘Dá mba liomsa dúiche nó stát Lord Lucan,

Dar brí mo chúise ba liomsa an tseoid.’

Ag cur síos ar Mháirín Staunton a bhí sé.

‘Gheit mé is bhíog mé is níor fhan brí ionam ná tapa,’ a dúradh san amhrán Príosún Chluain Meala.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Mórán brí i mbeagán focal…'