Nach deas é? Is cunórach cailleach ar cuairt

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e? witch

Cunórach cailleach ar cuairt. Sin a deireadh mo mháthair dá dtarlódh sé, i ngan fhios di fhéin, go mbéarfadh sí ar an scuab nó ar éadach le soitheach a thriomú agus í i dteach na gcomharsan, nó i mo theachsa.

Ag déanamh leithscéil le bean an tí sin a bhíodh sí – admháil go raibh sí ag glacadh cúraim uirthi féin nár bhain di agus níos measa ná sin ceann a d’fhéadfadh a thabhairt le fios go raibh iarraidh den sraoilleachas ag baint leis an áit ina raibh sí. 

Tharlódh freisin go mbeadh baint ag an bhfocal le fiosracht (cunórtas), ach is leis an té a ghlacfadh cúram duine eile air nó uirthi féin, gan chuireadh gan iarraidh, is mó a chuala mé luaite ag mo mháthair é.

Cunórach cailleach ar cuairt. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Is cunórach cailleach ar cuairt'

  • Kevin Hickey

    Treise leat, a Mhártain, is le fonn a léim do phíosaí i gcónaí.

    Focal ceart anois agam ar ‘nos[e]y’ chomh maith. Is mó de mholadh a shamhlaíos le ‘fiosrach’ riamh anall, ‘sé sin, íota chun eolais.

    Go raibh maith agat,

    Kevin