Nach deas é? – Fear é sin atá in ann an scian agus an forc a oibriú

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? – Fear é sin atá in ann an scian agus an forc a oibriú

Duine cuibhiúil, dea-iompair a bheadh ann a mbeadh béasa boird air agus a bheadh in ann a bhealach a dhéanamh go maith i measc daoine geanúla. Bhí an tráth ann arbh leor le daoine an scian le dhul ag ithe. Theastaigh cleachtadh leis an scian agus an forc a chur ag obair. I bhfad roimhe sin arís ní bhíodh an scian féin i gceist ach iad ag brath ar an ionga leis an gcraiceann a bhaint de na fataí.

‘Sin fear nár cuireadh an fód móna amú leis,’ a dúirt Mícheál D. Ó hUiginn faoi dhuine éicint uair amháin. Ag tagairt a bhí sé don fhód móna a thugadh na daltaí chuig an scoil chuile mhaidin sular tháinig téamh lárnach sa saol. Thuigfeadh fear na móna agus fear na scine agus na gabhlóige mionchúrsaí an chaidrimh shóisialta. D’aithneoidís an spúnóg anraith thar an spúnóg milseoige. Ní hí scian an éisc a chuirfidís ag gearradh na feola. Ní bheadh baol ar bith faoin domhan ann go n-ardódh duine acu an pláta anraith go dtína bhéal agus tosú ag slaparnach go torannach mar a bheadh Dia á rá leis.

Fág freagra ar 'Nach deas é? – Fear é sin atá in ann an scian agus an forc a oibriú'