NACH DEAS É? Fear a gheobhadh slis…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Fear a gheobhadh slis…

Dá gcloisfeá gur fear é a gheobhadh slis b’fhéidir go gceapfá gur fear é a gheobhadh slis de cheathrú caoireola le n-ithe. D’fhéadfadh sé gurb ea freisin ach ansin arís tharlódh sé gur broicneáil bhuailte a bheadh i ndán dó.

Thug siad drochshliseáil bhuailte dhó, a deirtí.

Bhuailtí éadach le slis nuair a bhítí á níochán. Shruthlaítí an t-éadach sa sruthán, san abhainn nó sa loch agus bhuailtí le slis é ansin. Píosa tiubh adhmaid a bhí sa tslis sin.

Bíonn slis ar shiséal.

Baintear slis d’adhmad le lann an phlána.

Thabharfaí slis ar dhuine a mbeadh siúl díreach aige. Seans maith go mbeadh an duine sin chomh díreach le slis.

Ar an taobh eile den scéal, is ionann slis agus cromadh nó cruit. Dá ndéarfaí gur cuireadh slis air b’ionann é agus a rá gur buaileadh é agus go raibh cruit air dá bharr.

Dá dhonacht an chruit ba mheasa do dhuine a bheith bodhar, chomh bodhar le slis.

Sin é an buachaill a bhí in ann slis a chur ar an gcaint a déarfaí faoi dhuine a bhí in ann craiceann a chur ar scéal. Sea, ach ní moladh a dhéanfaí ar an té a bheadh ag caint gan stad. Tá slis chainte air an breithiúnas a thabharfaí air siúd.

Is maith an rud an tslis mhín a chur ar obair –bailchríoch a chur uirthi.

Ní chuirfeadh an saol slis mhín ar na daoine a ceapadh.

Slis den tseanmhaide a bheadh sa duine a mbeadh tréithe a athar ann.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Fear a gheobhadh slis…'