NACH DEAS É? D’ith sé foracan feola

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? D’ith sé foracan feola

D’ith sé foracan feola a déarfaí faoi fhear a raibh goile maith aige. Foracún an litriú atá ar an bhfocal sin in áiteacha agus forgan in áiteacha eile.

D’fhéadfá foracan maith a ól freisin. Dá n-ionsódh dream thú b’fhéidir go mbuailfidís foracan ort. Bheadh foracan ceannaithe ag an té a dhéanfadh siopadóireacht mhór. Tháinig foracan mór acu ann, i.e. slua mór. Is minic a thiteann foracan báistí.

Col ceathrar den fhocal foracan is ea an focal gliúrach. D’ith sé gliúrach. Bhí gliúrach de thine thíos aige. Bhí sé ina ghliúrach cheoil istigh.

Thugtaí gliúrach  ar dhuine ramhar mórbholgach: féach an ghliúrach de bholg atá air.

Bhíodh ceirín ann a dtugtaí foracan air: foracan min choirce a tharraingíodh sileadh agus foracan siúcra agus gallaoireach (gallúnach) a chuirtí le lot a bhíodh ag tarraingt.

D’ith sé foracan feola. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? D’ith sé foracan feola'

  • Pól Ó Braoin

    Thar cionn uilig, a Sheosaimh. Tá mé a cheapadh go bhfuil na píosaí seo an-chabhrach ar fad. Is deas gabháil siar ar fhocla agus ar nathanna na teanga.