NACH DEAS É? Cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa bpota é…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa bpota é…

Deirtear nach breac é go raibh sé ar an bport. Ná haltaigh bia go mbí sé i do mhála. Ná maraigh an fia go bhfeicfidh tú é. Ná comhair na sicíní go dtaga siad amach. Deirtear gur ón nGaeilge go dtí an Béarla a chuaigh an chaint sin faoi na sicíní. B’fhéidir gurb ea agus b’fhéidir eile gur i mBéarla a bhí sé i dtosach. An lao ite i mbolg na bó, sin leagan eile fós ar an smaoineamh céanna.

Nó, cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa bpota é…

Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa bpota é…'