NACH DEAS É? Cuileann caoin na coille

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Cuileann caoin na coille

Deirtear gurb é an cuileann caoin banríon na coille. Ceann na coille a thug Amhlaoibh Ó Súilleabháin air beagnach dhá chéad bliain ó shin.

Rímhaide na coille a thabharfadh daoine eile air. Scoiltfidh ging de chuile chrann é ach ní scoiltfidh ging de chrann ar bith eile é.

Bíonn duilliúr deilgneach agus caora dearga ar an gcuileann. Chomh glas le cuileann a deirtear.

Tá an cuileann colgach ann, cuileann chapaill, cuileann daibhche, agus an cuileann trá.

Cuileann Muire a thugtar ar chuileann a choinnítear ó Lá Nollag go Lá Nollag na mBan. Bíonn sé críonta go maith sa deireadh. Arsa file faoi bhean a raibh sé i ngrá léi:

Rinne sí cuileann Muire dem chroí.

Bhíodh filí eile ag cur síos ar an gcuileann fresin.  Seo mar a dúirt Art Mac Bionóid:

Is annamh a gheibhtear iasc ar fhásach,

Is annamh a fhásas cuileann ar linn.

Deirtear dá mbuailtí slat chuilinn ar dhuine nach bhfásfadh an duine sin.

Bíonn eidheann nó eidhneán againn faoi Nollaig chomh maith ar ndóigh.

Tá eidhneán talún ann agus eidhneán nimhe.

Chomh tanaí le duilleog eidhinn, a deirtear.

Ar crith mar bhileog eidhneáin.

Scríobh Dáithí De Barra an méid seo beagnach dhá chéad bliain ó shin:

An fear do bheadh pósta le bean uaibhreach, mhórálach, is amhlaidh a bheadh amhail crann daraí a bheadh casta go crua le eidhneán.

Ní dóigh liom gur moladh ar an mbean a bhí ar intinn aige

Ní Nollaig a bheadh ann gan an drualus freisin. Seo cuntas deas a chonaic mé air sin:

Planda síorghlas agus caora péarlacha bána air a fhásann ar stoc nó ar bhrainsí crainn agus a úsáidtear mar chuid d’ornáidí na Nollag.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Cuileann caoin na coille'