NACH DEAS É? Comhrá ina bhfuil smior

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Comhrá ina bhfuil smior

I Parliment na bhFíodóiría chonaic mé an leagan cainte seo. Sin saothar a scríobh Dáibhí de Barra as oirthear Chontae Chorcaí am éigin idir 1821 agus 1835. Is cosúil go raibh go leor brilléise ar bun sa bParlaimint agus a scéal féin ag gach duine. Dúirt an Ceann Coiste go ndéanfadh seisean ‘cómhrá ina bhfuil smior’.

Bhí an leagan céanna i gcaint na ndaoine ó shin freisin.  I dtuairisc a scríobhadh sa Claidheamh Soluisi 1902 dúradh faoi fhear áirithe go raibh ‘smior agus brí ina chuid cainte’.

Is é an smior ar ndóigh an ghréis bhog atá i lár cuid de na cnámha. Smior cailleach a thugtar ar an ábhar atá istigh i snaidhm an droma. Tá ábhar eile sa bhfeoil ar a dtugtar smúsach.  Thugtaí smaois air sin freisin i dTír Chonaill, is cosúil.

I leagan de Bruidhean Chaorthainnas an gcontae sin rinneadh cur síos mar seo ar an gcaoi ar changail Fionn Mac Cumhail a ordóg:

‘Chogain sé í ó fheoil go fuil, ó  fhuil go smior agus ó smior go smaois. Ag cognadh na hordóige dó lig sé grág mór caointe as.’

Níorbh iontas ar bith go ligfeadh, an créatúr.

Is iomaí caoi a mbaintear leas as an bhfocal smior sa lá atá inniu féin ann. Seo cuid acu:

Tá sé i smior na gcnámh aige; tá sé de mhianach ann.

Níl smior ná smúsach ann;  duine lag gan éitir.

Bhí an fuacht go smior ionam. D’fhéadfadh sé gur gaoth anoir a bheadh ann an uair sin mar deirtí an méid seo go minic: ‘An ghaoth anoir, téann go smior, is baineann sí geir as caoirigh.’

Ceapadh riamh gur bia tacúil den scoth a bhí sa smior mairt. Bhí an seanrá seo ann: ‘Ith smior mairt is bí crua tapa, Ith smior muice is bí mór meata.’

Chuirtí  comhairle eile fós faoin mbia ab fhearr do dhuine:

An gráinne is faide ón mbró,

Bainne na bó a rug anuraidh,

Smior mairt agus feoil chearc.

Ní mholtaí an plúr a bheadh tar éis a mheilte, ná bainne bó a bheadh tar éis laoidín a bhreith.

Thagadh an focal smior istach in eascaine anois is aríst chomh maith. Seo é an mallacht a chuir Raiftearaí sa dán  ‘Fiach Sheáin Bhradaigh’ agus é ag ithe agus ag gearradh ar Sheán De Búrca:

Scamhadh iongan agus galar súl ort,

Smior ná sú ná raibh i do chnáimh.

Dá rachadh sé fíor-rite le duine rud a dhéanamh d’fhéadfá a rá  go ndeacha sé go smior na n-iongan leis é a dhéanamh.

Ansin arís d’fhéadfá na hingne a bhearradh go dtí an smior.

Mar bhuille scoir, seo cúpla seanfhocal eile a théann go smior agus go smúsach:

An rud nach saothraítear go dtí an smior imíonn sé go mion (an rud a fhaightear go bog).

Ceann eile fós:

Comhfhad  fuacht is teas,

Comhfhad  fuath is grá;

Ach téann an t-éad go dtí an smior,

Is fanann ann go bráth.

 

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Comhrá ina bhfuil smior'

  • pip

    Chuiagh an t-alt sin go smior ionam.