NACH DEAS É? Chuirfeadh sé iompú i do ghoile…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Chuirfeadh sé iompú i do ghoile…

Chuirfeadh sé iompú i do ghoile a déarfá faoi bhia nach mbeadh sábháilte. D’fhéadfá é a rá freisin faoi dhuine a mbeadh seafóid chainte ar bun aige.

Sa ngoile a leáitear an bia. An té a mbíonn goile maith aige bíonn goile géar aige. Duine dea-ghoiliúil a bhíonn ann.

Is ionann iompú i do ghoile agus urlacan nó fonn múisce. Bheifeá ag cur amach. Cén bhrí ach dá mbeadh dhá cheann do ghoile ag gabháil—urlacan agus buinneach in éineacht.

Bia nach réitíonn le duine bíonn sé trom ar an ngoile.

Bíonn goile duilleach i mbeithíoch. Is dóichí go bhfuil sé sa duine freisin mar is iomaí duine a buaileadh isteach ar an ngoile duilleach— sa mbolg.

Buaileann daigh ghoile daoine scaití—drochphian. Goile trasna a thugtaí ar an ngoile mínádúrtha a thagann ar dhaoine de bharr galair, i.e. diaibéiteas. Bhí sé i gceist go raibh sú darach in ann é a leigheas.

Tagann tinneas bhéal an ghoile ar dhaoine sách minic.

Is maith le daoine géarú goile roimh a ndinnéar—greadóg. D’fhéadfá do ghoile a dhéanamh freisin le píosa siúlóide.

Níl goile gealbhain aige a déarfaí faoi dhuine nach mbeadh ag ithe mórán.

Bhí mo ghoile i gcúl mo ghlaice agam a déarfá má bhí an-ocras ort.

Rud a chur ar a ghoile do dhuine – a chur in iúl dó go raibh a dhrochiompar ar eolas, agus go n-íocfadh sé as.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal goile iontu:

Fear gan airgead i mbaile mór,

Is olc an lón dó goile géar.

Buíochas le Dia is altú le Muire,

Má tá bean an tí tinn níor chaill sí a goile.

Goile seanduine is é a bheith ina shláinte an goile is fearr ar bith.

Más ionann fad is leithead duit,

Ní hionann lón is goile dhuit—duine leitheadach is gan a dhóthain le n-ithe aige.

Is fearr a bheith ag lorg bídh ná ag lorg goile.

Goile an charraera—goile mór.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Chuirfeadh sé iompú i do ghoile…'