NACH DEAS É? Chomh sleamhain le cloigeann róin dhuibh…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Chomh sleamhain le cloigeann róin dhuibh…

Bíonn corrdhuine ann a bhíonn sleamhain ó nádúr. Níl ann ach greim ar eireaball eascainne a déarfaí faoi dhuine mar sin. Duine plásánta, lústrach , slítheánta a bhíonn ann. Faichill tú féin ar an duine sin, tá sé slim sleamhain, a deirtí. Seachain gleacaí milis sleamhain. 

An taobh sleamhain amach agus an taobh garbh isteach, sin imeacht an rógaire agus an tsleamhnánaí. Tá an smaoineamh seo breá soiléir sa Soiscéal de réir Mhatha:

Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus d’ainmheasarthacht. A Fhairisínigh dhaill, déan an taobh istigh den chupa a ghlanadh ar dtús, chun go ndéanfaí an taobh amuigh de glan freisin.

Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar gur cuma sibh nó tuamaí aolta atá go hálainn le féachaint orthu ón taobh amuigh ach iad lán suas de chnámha na marbh agus de gach salachar. Sibhse mar an gcéanna: ón taobh amuigh féachann sibh do dhaoine a bheith fíréanta, ach ón taobh istigh tá sibh lán de bhréagchráifeacht agus d’olcas.

D’fhéadfadh rud a bheith chomh sleamhain le gloine, le buidéal dubh, le ronnach, le leac mharmair, le tóin pláta. Dúirt Eoghan Ó Neachtain an méid seo faoi chat sa mbliain 1925 :

Ba dheas a dhroim, ’s a chom ba chórach,

‘S a mhása teann chomh sleamhain le hómra.

D’fhéadfadh craiceann sleamhain nó gruaig shleamhain a bheith ar dhuine. Seo mar a chuir Pádhraic Óg Ó Conaire síos ar fhear amháin:

“É chomh bearrtha le easpag agus a ghruaig dhubh chomh sleamhain agus chomh slíoctha le cloigeann róin duibh.”

Is minic a d’fheicfeá bád ag imeacht slim sleamhain—ag seoladh go breá.

Lig an lacha siar an frog sleamhain slán, a chonaic mé scríofa i leabhar.

Tá planda ann ar a dtugtar copóg shleamhain agus tá an crann sleamhain ann freisin. Iasc é an sól sleamhain.

Bhíodh trácht sa bhfilíocht ar eacha slime sleamhna.

Fáinne sleamhain a thugtar ar fháinne pósta gan clocha ann.

Is maith an ithe arán sleamhain cruithneachta—arán a dhéantar le min as gráinne iomlán na cruithneachta.

Bíonn lúb shleamhain sa gcniotáil.

Is ionann déanamh sleamhain ar chulaith agus gan faic, nó mórán froigisí ná rufaí ná filltíní a chur uirthi. Déantar múnlú timpeall ar an muineál, etc, leis an gcuma cheart a thabhairt di.

‘Is sleamhain seada snasta a taobh ’s is mín,’ a dúirt an file Fear Flatha Ó Gnímh faoi bhean 400 bliain ó shin.

‘A com slim sleamhain chomh seang le seangán,’ a dúirt file eile.

‘Ba sleamhain slíoctha mo locaí cíortha,’ a bhí le rá ag fear in amhrán.

Seo roinnt leaganacha eile cainte a bhfuil an focal sleamhain iontu:

Tabhair aire dod phost mar is sleamhain iad leaca an tí mhóir—níl tú buan ann; is fusa ná a chéile tú a chur as.

Fuair sé an taobh sleamhain den doras—cuireadh amach as an teach é.

D’íosfadh cat sleamhain féin páideog.

Is fearr bollóg slim sleamhain ná rud a chur ann nach rachadh leis, nach bhfeabhsódh an bhollóg.

Is sleamhain an leac idir an leac agus an losad—faoi ní a d’imeodh uait nuair a cheap tú a bheith i ngreim maith agat.

Ní sleamhain an lao go líonn a mháthair é—a mháthair féin is fearr a thugann aire do pháiste.

Is furasta crann darach a ghearradh le scian ach is deacair crann carrach a dhéanamh sleamhain ná mín.

Gionbhar (Eanáir) gruama, dorcha, duairc, nó sneachtúil, siocúil, sleamhain, suairc. Amhlaoibh Ó Súilleabháin a scríobh é sin sa mbliain 1831.

Bíonn na bóithre sleamhain le linn seaca.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Chomh sleamhain le cloigeann róin dhuibh…'