NACH DEAS É? Chomh dlúth le scadáin i mbairille

Nuair a bhí mise óg bhíodh scadáin ghoirte le fáil sna siopaí as bairillí. Níl amhras ar bith nach mbídís thar a bheith pacáilte sa mbairille. Roimhe sin aríst ní bhíodh ag daoine bochta ach scadán caoch – uisce agus salann mar anlann leis na fataí. Ní ar an scadán caoch a cuireadh tusa nuair […]

NACH DEAS É? Chomh dlúth le scadáin i mbairille

Nuair a bhí mise óg bhíodh scadáin ghoirte le fáil sna siopaí as bairillí. Níl amhras ar bith nach mbídís thar a bheith pacáilte sa mbairille.

Roimhe sin aríst ní bhíodh ag daoine bochta ach scadán caoch – uisce agus salann mar anlann leis na fataí.

Ní ar an scadán caoch a cuireadh tusa nuair a chuaigh tú ag obair sa teach sin, mar a dúirt an té a dúirt.

Deirtear agus is fíor é nár mheall a bhéal an scadán ariamh – ní bheireann an scadán ar bhaoite.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal scadán iontu:

Chomh héasca le scadán a iompú.

Chomh marbh le scadán (ach chomh beo le breac, breac locha b’fhéidir).

Chomh buí le scadán leasaithe.

Chomh caite le scadán.

Chomh céasta le scadán rósta.

Ní tharraingeodh sé scadán den tlú.

Scadáin i lorgaí – loirgní breaca de bharr a bheith in aice na tine.

Go scuaba an diabhal leis thú go dtí an áit a ndéanann an scadán a nead.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Chomh dlúth le scadáin i mbairille'