NACH DEAS É?: Bríste bán ar Shéan agus gan faic na ngrást ar a athair

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É?: Bríste bán ar Shéan agus gan faic na ngrást ar a athair

Chuirtí an smaoineamh sin i gcéill ar bhealaí eile freisin.

Seo cuid acu:

Síoda buí ar Shiobhán agus preabáin ar a hathair (éadach a mbeadh paistí air iad na preabáin).

Rufaí ar Chathal is pucaí ar a athair.

Maidir leis an bhfocal faic is úsáideach an focal é.

Níor fágadh faic agam.

Ní dhéanfaidh sé faic ort.

Bhí faic na fríde sa gcaint freisin agus faic an bhearrtha.

Sea agus d’fhéadfá thug sé faic den bhata dó a rá. Is dóichí gur ón bhfocal Béarla whack a tháinig sé sin.

Os cionn 300 bliain ó shin chum file as Corcaigh Seán na Raithíneach dán faoi bhean a pósadh le fear in aghaidh a tola. Seo mar a dúirt sí:

Mo mhallachtsa don mhúdar do cheangail mé le stumpa

De scraiste mharbh brúite gan lúth gan aird.

Ní raibh meas ar bith aici air go háirid faoin bpluid:

‘Níl faic aige ach orlach de spadalach chum spórt dom,’ a dúirt sí.

Ach dhearbhaigh sí go bhfaigheadh sí fear eile:

‘Beidh agam marcach óg greanta groí chun gnímh.’

Faic a thugtaí ar ropa tuí nó slám tuí a bhíodh in úsáid i gcluiche tórraimh. Shuídís thart ina bhfáinne agus bheadh fear amháin leis féin i lár an fháinne. Nuair a déarfaí scaoiligí thart an fhaic chuirfí an fhaic thart ó dhuine go duine sa bhfáinne faoina gcosa. Bheadh an fear láir ag iarraidh an fhaic a fheiceáil i láimh duine éigin sa bhfáinne. Agus an té a bhfeicfí aige í, níor mhór dó ionad an fhir láir a thógáil.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: Bríste bán ar Shéan agus gan faic na ngrást ar a athair'

  • Cén dochar!

    Seán Ó hUaithnín as Co. an Chláir a chum, Mo mhallachtsa dom mhúdar do cheangail mé le stumpa, ceann eile a chum Seán na Ráithíneach.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Go raibh míle maith agat. Tá an ceart agat. Cén ceann a chum Seán na Raithíneach?

  • Cén dochar!

    Tá ar a laghad dhá dhán eile a bhfuil an focal ‘múdar’ iontu, ceann le Páraig Bharain agus ceann le Tadhg Dall Ó hIfearnáin. Níl a fhios agam ar thagair Seán na Raithíneach do mhúdar beag ná mór!