NACH DEAS É? Bhí sé ag clagarnaíl mar a bheifeá á dhoirteadh as béal soithigh

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Bhí sé ag clagarnaíl mar a bheifeá á dhoirteadh as béal soithigh

Sin é a déarfaí faoi lá trom báistí. Bheadh an bháisteach  ag titim ina tuilte.  Bheadh sé ina ghleadhradh báistí, ag radadh báistí, ag rilleadh báistí, ag doirteadh báistí, ag lascadh báistí,  ag díbliú báistí. Bheadh sé ag cur sceana gréasaí, sceana dearga, sceana beaga. Bheadh sé ina thuile liag. Sin tuile mhór mhillteach. Is dócha gur tuile í a thugann liagán cloiche agus bruacha le fána. Tuile sí a thugtaí ar bháisteach go hard sna cnoic agus gan báisteach ar bith a bheith le feiceáil in íochtar ach é ina lá breá.

Ba mhaith a chuir Raiftearaí é nuair ab  éigean dó a dhul ar foscadh faoin sceach mar ar chum sé ‘Seanchas na Sceiche’.

Bhí an tsíon go dian ag teacht as gach cearda,

anoir is aniar is anuas le fána,

ní fhéadfainn a shamhail a thabhairt duit láithreach,

ach roithleán lán a bheadh ag criathrú ráibe.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Bhí sé ag clagarnaíl mar a bheifeá á dhoirteadh as béal soithigh'