NACH DEAS É?: Bhain sé deatach as an airgead

An té a bheadh ag baint deataigh as an airgead bheadh sé á chaitheamh go rábach. Bíonn simléar deataigh ann. Tá an simléar ag plúchadh deataigh, a déarfaí. Mura dtarraingeoidh sé deatach tarraingeoidh sé caint a dúradh faoi shimléar a rinneadh go dona. Bíonn iasc deataigh ann agus d’fhéadfadh súile deataigh a bheith i nduine […]

NACH DEAS É?: Bhain sé deatach as an airgead

An té a bheadh ag baint deataigh as an airgead bheadh sé á chaitheamh go rábach.

Bíonn simléar deataigh ann. Tá an simléar ag plúchadh deataigh, a déarfaí.

Mura dtarraingeoidh sé deatach tarraingeoidh sé caint a dúradh faoi shimléar a rinneadh go dona.

Bíonn iasc deataigh ann agus d’fhéadfadh súile deataigh a bheith i nduine nuair a ghoillfeadh an deatach air.

Tá deatach acu a déarfaí nuair a thabharfaí faoi deara go raibh dream de na comharsana éirithe ar maidin.

Tá trí scór deatach ann – tithe a bhfuil cónaí iontu.

Caora ó gach deatach – cíos de chineál éigin in aghaidh an tí a bhí ansin.

An áit a mbíonn deatach bíonn tine.

Mo dheatach ort – eascaine.

Is deas an radharc deatach ag éirí as uisce.

Tá deatach allais as.

Bhain sé deatach as an gcapall le neart siúil.

Ní fiú buidéal deataigh é – ní fiú tada é.

Bhí sé ina chrústóir chomh mór is nach dtabharfadh sé deatach na tine uaidh.

Bhí sé ina dheatach eatarthu – troid mhór.

Ní raibh dé ná deatach air – radharc ar bith.

Bhain sé deatach as an urlár – ag damhsa.

Ní gleann folamh gleann a mbíonn deatach ann.

Gach saor go deatach agus gach sleádóir go móin shnáithíneach – mholtaí an saor a chuirfeadh simléar maith i dteach agus an sleánadóir a bheadh in ann móin shnáithíneach a bhaint go maith.

Sonas i ndiaidh na sraoilleachta is deatach i ndiaidh na breácha.

Ba mhinic deatach mór ar dhrochthine.

Is fearr an deatach ná gaoth an tseaca – is fearr cur suas leis an deatach ná an doras a oscailt is an ghaoth fhuar a ligean isteach.

Trí naimhde na colla, gaoth, deatach, dreancaidí.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É?: Bhain sé deatach as an airgead'

  • Seosamh eile.

    “Is fearr an deatach ná gaoth an tseaca – is fearr cur suas leis an deatach ná an doras a oscailt is an ghaoth fhuar a ligean isteach.”

    Ha ha! Bheul, níl sé seo fíor, i comhthéacs ár n-eolas ar shláinte riospráide agus scapadh Covid.