Is beag tuar dóchais is aoibhne liom san earrach ná na nóiníní bána agus méileach agus pramsáil mheidhreach na n-uan. Bhogfaidís croí cloiche. Bíonn na máithreacha sáraithe ag na huain ag iarraidh a dhul ag spraoi agus iadsan amplach ag féar glas. Tá nath deas againn a déarfá le hainbhiosán nó gnaithí gan iarraidh éigin a ghabhfadh ag inseacht do ghnó duit nuair an fhearr do scil féin sa scéal ná aigesean – an t-uan ag múineadh méilí dá mháthair. Bhainfeá leas as freisin dá bhfeicfeá duine ag cur comhairle ar dhuine eile faoi sheiftiúlacht éigin a bhfuil sé ina mháistir uirthi cheana agus fonn ort a rá ‘cé leis a mbeifeá ag caint!’.
Nach deas é? An t-uan ag múineadh méilí dá mháthair
Fág freagra ar 'Nach deas é? An t-uan ag múineadh méilí dá mháthair'