NACH DEAS É? Amadán iarainn é…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Amadán iarainn é…

Amadán iarrainn a thabharfaí ar dhuine a gceapfaí gur amadán é ach a bheadh sách glic ina bhealach féin. An té a cheannódh mar amadán é bheadh margadh maith aige – ní amadán ar bith a bheadh ann.

Dhéanfadh amadán nead i gcluais duine críonna.

Bíonn amadán cruthanta ann, amadán corónta, amadán críochnaithe, amadán déanta, pleidhce amadáin, amadán tofa. Déantar amadáin Aibreáin nó amadáin earraigh de dhaoine.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal amadán iontu:

Is é an t-amadán is mó idir aer agus uisce é.

Ní bhíonn cóisir ar bith gan amadán.

Déirc dá chuid féin don amadán.

Laoi an Amadáin Mhóir— scéal fada.

Dealg láibe nó focal amadáin – bíonn siad géar.

Focal údair i mbéal amadáin.

Anoir is aniar a thigeas an mí-ádh ar an amadán.

Is é an t-amadán a bhainfeadh an sceach—thitfeadh mí-ádh air.

Amadán an té nach mbíonn críonna, is nach ndéanann an tslí mar is cóir.

Cén mhaith dhuit a bheith i d’amadán mura n-aithnítear ort é?

Is minic a chuir airgead amadáin bróga ar bhean an phíobaire.

Níl amadán ar bith gan a chiall féin.

Ba mhinic comhairle mhaith ag amadán.

“Amadán na gcluas fada”, a dúirt an t-asal lena dheartháir.

A shrón féin a mhúineann ciall do gach amadán.

Mura rachadh an t-amadán go dtí an margadh, d’fhanfadh na drochearraí gan díol.

Déanann aon amadán amháin cuid mhaith amadán.

Is dona an rud amadán a chur i dteachtaireacht.

Níl aon amadán chomh dona leis an seanamadán.

Is ionann a bheith ag iarraidh olann ar ghabhar is a bheith ag iarraidh céille ar amadán.

Is minic amadán ag déanamh gnóthaí maith.

Luíonn sonas ar amadán.

Meallann glór folamh an t-amadán.

Ní bhíonn airgead is amadán i bhfad ó chéile.

Is éadrom ór ag amadán.

Ní bhíonn aon duine ina amadán de shíor, ach bíonn gach duine uaireanta.

Ní hé an t-amadán é, ach an té a thabharfadh air é.

Síleann an t-amadán nach bhfuil aon duine críonna ach é féin.

Má athraíonn tú an t-amadán in aghaidh a thola(ch), beidh sé ar an intinn chéanna arís.

Amadán ag déanamh féastaí agus daoine críonna á n-ithe.

Ná lig do rún le bean ná le hamadán.

Tógann sé fiche bliain do bhean fear a dhéanamh dá mac, ach ní thógann sé ach fiche nóiméad do bhean eile amadán a dhéanamh de.

Mol an t-amadán is bainfidh tú obair as.

An rud a d’ólfadh amadán, shásódh sé beirt pháistí— caitheann an meisceoir an t-airgead ar ól ba cheart dó a chaitheamh ar a chlann.

Is fearr amadán macánta a phósadh ná sclamhadóir aithiseach.

Níor mhill Dia ariamh dhá theach le amadán is óinseach—pósann amadán a shamhail féin de bhean.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Amadán iarainn é…'