Nach deas é? Tá an raimsce sin lán gus agus giodalacht’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Mean Girls

Níl a fhios agam an mbeadh mórán sa lá atá inniu ann ag tabhairt ‘raimsce’ ar dhuine. Sin bean (go hiondúil) nó fear a bheadh lán gus agus giodalacht, nó mar a deirtear i bhFoclóir an Duinnínigh, duine atá ‘ar bharr na gaoithe’.

Bheadh an raimsce diabhalta, dána agus breá seanaimseartha, gan suí orthu agus iad ag gabháil thart mar cnaipe damhsa ann.

Tháinig mé trasna ar an fhocal ‘raimsce’ san amhrán sean-nóis ‘An Bobaire’ roinnt blianta ó shin, amhrán greannmhar le fonn ‘Líontar dúinn an Crúiscín’, a cheolann Brian Danny Minnie Ó Dónaill agus Liam Mac Giolla Bhríghde, fá bhainis mhór a bhí i Mín an Iolair i nGaoth Dobhair fada ó shin.

Luaitear an raimsce ann: ‘Tá cailín ar an bhaile seo arb ainm daoithe an raimsce, siúlfaidh sise an baile seo naoi n-uaire ‘na ceannfort’. Ba léir gur bean a bhí i gceist a bhí rud beag dalba, diabhalta, ceanndána.

‘Scamp’, cuilceach nó rógaire a chuala mé luaite leis an raimsce, cé gur fir a d’fhéadfadh a bheith i gceist ansin fosta. Tá cuid mhór amaidí agus magadh san amhrán áirithe ‘An Bobaire’ mar a bheifeá ag dréim leis ón teideal, ach ní dhéantar cur síos rómhion ar an raimsce ach go luaitear gur ‘iomaí sin ball bruite atá ar lorga mo raimsce’ – seans gur brúite seachas bruite a bhí i gceist má bhí an baile uilig siúlta aici agus í go ráscánta dána!

Tá mé ag déanamh go bhfuil aithne ag an chuid is mó againn ar chorr-raimsce, bíodh siad na gceannfoirt shiúlacha nó ná bíodh!

An ‘raimsce’. Nach deas é!

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tá an raimsce sin lán gus agus giodalacht’'