Na téarmaí tagartha á ndréachtadh d’athbhreithniú ar thoghchán Údarás na Gaeltachta

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil sé ag súil le tús a chur ‘sa bhliain nua’ le hathbhreithniú ar an gcinneadh deireadh a chur le toghchán Údarás na Gaeltachta

Na téarmaí tagartha á ndréachtadh d’athbhreithniú ar thoghchán Údarás na Gaeltachta

Tá tús curtha leis an bpróiseas maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr Bhord Údarás na Gaeltachta.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Cambers le fios i bhfreagra ar cheist Dála an tseachtain seo go bhfuil iarrtha aige ar oifigigh a roinne na téarmaí tagartha a dhréachtadh don athbhreithniú ar an Údarás atá geallta i gclár an rialtais.

“Tá dul chun cinn maith déanta cheana féin i dtaobh na hoibre seo agus táim ag súil le moltaí ina leith a fháil gan mhoill ionas go mbeifear in ann tús a chur leis an athbhreithniú sa bhliain nua,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers.

Tá brú á chur le tamall ag Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, ar an Aire Stáit fógra a dhéanamh faoin athbhreithniú, ach dhiúltaigh Chambers go dtí seo a rá cén uair a chuirfí tús leis an athbhreithniú.

Thug sé le fios roimhe seo chomh maith go raibh sé féin sásta le struchtúr Bhord an Údaráis mar atá.

Gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais. Ní ghealltar sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas ach go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

Mar chuid den cheist Dála is déanaí aige faoin ábhar, d’fhiafraigh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin den Aire Stáit an raibh sé fós den tuairim go raibh struchtúr an Bhoird sásúil mar atá, ach níor thug an tAire aon fhreagra ar an gcuid sin den cheist.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Fág freagra ar 'Na téarmaí tagartha á ndréachtadh d’athbhreithniú ar thoghchán Údarás na Gaeltachta'

  • Donncha Eile

    Is athbhreithniú ar chaiteachas Údarás na Gaeltachta atá ag teastáil agus tuige a bhfuil siad ag feidhmiú i mbéarla go hinmheánach.