Chambers ‘sásta’ leis an tslí a roghnaítear Bord Údarás na Gaeltachta

Deir Aire Stáit na Gaeltachta go gcuirfidh sé tús “chomh luath agus is féidir’ le hathbhreithniú ar Bhord an Údaráis ach murab ionann agus a cheannaire tá sé féin sásta leis an gcóras mar atá

Chambers ‘sásta’ leis an tslí a roghnaítear Bord Údarás na Gaeltachta

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil sé sásta leis an tslí a roghnaítear Bord Údarás na Gaeltachta in ainneoin go ndeir an Taoiseach gur cheart toghcháin an Údaráis a thabhairt ar ais.

Tá geallta i gclár an chomhrialtais go ndéanfar athbhreithniú ar Bhord an Údaráis agus deir Jack Chambers go gcuirfidh sé tús lena leithéid a luaithe agus “is féidir”.

Ach murab ionann agus ceannaire a pháirtí, an Taoiseach Micheál Martin, tá Chambers sásta le struchtúr an Bhoird mar atá.

“Is fiú dom a rá go mbeidh an Bord reatha ann go dtí mí Eanáir 2023 agus go bhfuil an cur chuige reatha mar a bhaineann sé le struchtúr Bhord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú go sásúil faoi láthair.

“É sin ráite, gealladh sa Chlár Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta agus tá sé mar sprioc agam go gcuirfear tús leis an obair sin chomh luath is féidir,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers agus ceist scríofa Dála ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin á freagairt aige.

Dúirt Chambers chomh maith go gcinntíonn an tslí a roghnaítear an Bord faoi láthair go bhfuil “bunús daonlathach” leis agus go mbíonn daoine leis na “scileanna cuí” air, rud, dar leis, atá “ar leas an Údaráis agus an phobail ar a dhéanann sé freastal mar fhoras stáit”.

Tá ráite ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin, áfach, go bhfuil “ceart daonlathach” á shéanadh ar mhuintir na Gaeltachta ó tugadh an cur chuige nua i leith an Bhoird isteach.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie i dtús na bliana, dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go raibh sé féin agus a pháirtí “tiomanta go huile agus go hiomlán” do bhord tofa a bheith ag Údarás na Gaeltachta arís.

Dúirt Micheál Martin gur bhotún mór a bhí ann fáil réidh leis na toghcháin.

“Go dtí 2012 bhíodh ionadaíocht chothrom agus dhaonlathach á déanamh ar phobail na Gaeltachta trí na toghcháin do bhord an Údaráis. Cheap Fine Gael gur cheart é seo a athrú agus fuair siad réidh le toghchán Údarás na Gaeltachta,” arsa Martin.

Dúirt sé chomh maith go raibh sé tráthúil go mbeifí ag caint ar na toghcháin a thabhairt ar ais in 2020.

“Tá sé 40 bliain anois ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta agus ó bhí a gcéad chruinnithe acu. Tá sé tábhachtach go bhfuil ionadaíocht atá tofa ann,” arsa Martin le Tuairisc.ie mí Eanáir.

Dúirt sé go raibh polasaí “seasmhach” ag Fianna Fáil maidir le ceist an toghcháin Ghaeltachta. “Seo rud atá mé féin agus mo pháirtí tiomanta go huile agus go hiomlán é a chur i gcrích más i rialtas sinn,” ar sé.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Deineadh maolú ar an seasamh sin nuair a bunaíodh an comhrialtas.

Deirtear sa chlár rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus Comhaontas Glas go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

Fág freagra ar 'Chambers ‘sásta’ leis an tslí a roghnaítear Bord Údarás na Gaeltachta'