Dáta ar bith socraithe ag an Aire Stáit d’athbhreithniú Bhord Údarás na Gaeltachta

Cé gur gheall Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, is cosúil gur i laghad atá an seans go dtarlóidh sin imithe ó thoghchán na bliana seo

Dáta ar bith socraithe ag an Aire Stáit d’athbhreithniú Bhord Údarás na Gaeltachta

Níl aon dáta socraithe fós ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers faoi cathain a chuirfear tús leis an athbhreithiú ar struchtúr agus ar Bhord Údarás na Gaeltachta atá geallta i gClár an Rialtais.

Den dara huair le trí mhí, dúirt an tAire Stáit sa Dáil go gcuirfear tús leis an athbhreitniú “chomh luath agus is féidir”.

Cé gur gheall Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, is cosúil gur i laghad atá an seans go dtarlóidh sin imithe ó thoghchán na bliana seo.

Níor tháinig gealltanas Martin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais agus ní ghealltar sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus Comhaontas Glas ach go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

Nuair a ceistíodh an tAire Sláinte faoin scéal mí Dheireadh Fómhair thug sé le fios go raibh sé sásta le struchtúr an Bhoird mar atá.

“Is fiú dom a rá go mbeidh an Bord reatha ann go dtí mí Eanáir 2023 agus go bhfuil an cur chuige reatha mar a bhaineann sé le struchtúr Bhord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú go sásúil faoi láthair,” a dúirt sé.

Sa ráiteas is déanaí uaidh faoin scéal, dúirt an tAire Chambers go ndéanann an struchtúr atá faoi láthair ann cinnte de go bhfuil daoine leis an saineolas agus na sainscileanna cuí á roghnú don chúram “rud atá ar leas an Údaráis agus an pobal a ndéanann sé freastal air mar fhoras stáit i ndeireadh thiar thall”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie i dtús na bliana, dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go raibh sé féin agus a pháirtí “tiomanta go huile agus go hiomlán” do bhord tofa a bheith ag Údarás na Gaeltachta arís.

Dúirt Micheál Martin gur bhotún mór a bhí ann fáil réidh leis na toghcháin.

“Go dtí 2012 bhíodh ionadaíocht chothrom agus dhaonlathach á déanamh ar phobail na Gaeltachta trí na toghcháin do bhord an Údaráis. Cheap Fine Gael gur cheart é seo a athrú agus fuair siad réidh le toghchán Údarás na Gaeltachta,” arsa Martin.

Dúirt sé chomh maith go raibh sé tráthúil go mbeifí ag caint ar na toghcháin a thabhairt ar ais in 2020.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Fág freagra ar 'Dáta ar bith socraithe ag an Aire Stáit d’athbhreithniú Bhord Údarás na Gaeltachta'

  • Donncha Eile

    Teastaíonn athbhreithniú ar fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, modhanna agus polasaithe oibre.

  • Bríd

    Déan athbhreithniú ar chaiteachas Údarás na Gaeltachta.