Ná seasfá seacht seachtaine lomnocht sa sneachta ag éisteacht le Maolra Mac Donncha ag léamh na nuachta?

Ní inniu ná inné a thosaigh an díospóireacht faoi chanúintí ar na meáin Ghaeilge agus bhí, mar shampla ‘the cloven foot of Munster Irish’ ina údar aighnis ar feadh tamaill

Ná seasfá seacht seachtaine lomnocht sa sneachta ag éisteacht le Maolra Mac Donncha ag léamh na nuachta?

Bhí alt spéisiúil ag an scríbhneoir Béarla Tony Philpott ar an suíomh headstuff.org le déanaí fén teideal ‘Have I got Nuacht for You’. Cháin údar an ailt iriseoirí nuachta na Gaelainne toisc iad bheith róthugtha don gcanúnachas, don ornáidaíocht agus don róshaibhreas cainte, rud a bhí ag cur foghlaimeoirí na teanga ó dhoras, dar leis.

Cé go raibh cuid de na hargóintí seanchaite agus seanráite (an bhfuil Klaxon Pheig ag éinne?), agus go raibh sé de chuma ar an scéal go raibh an milleán á chur ag Philpott ar chainteoirí dúchais na Gaelainne as gan an teanga bheith ar a dtoil ag formhór de mhuintir na tíre, is fiú an t-ábhar a chíoradh.

Ceist chasta í seo, ach ní haon cheist nua í. Ó bunaíodh an tseirbhís náisiúnta raidió 2RN i 1926, tá plé á dhéanamh ar chaighdeán na teanga (Béarla agus Gaelainn) sna meáin. Bhíodar ann a dúirt ag an am go raibh an Ghaelainn róchanúnach, agus a thuilleadh ag rá nach raibh crot, cuma ná dealramh ar an nGaelainn bhréige a bhí á craoladh.

Gearán a bhíodh á dhéanamh go coitianta seasta ab ea go raibh an iomarca de Ghaelainn na Mumhan ar an raidió (cac asail, ní fhéadfá do dhóthain den gcanúint is deise, is binne agus is breátha a chloistint!) agus go raibh leatrom leanúnach á dhéanamh ar Ultaibh.

Scríobh Ultach amháin sa bhliain 1941 go raibh daoine i dTír Chonaill “who ceased some time ago to listen to Gaelic broadcasts from Athlone. One of their reasons being to prevent any deterioration of their Donegal Gaeltacht idiom, pronunciation, etc…”. Dúradh gur cheart an nuacht laethúil bheith á léamh i gcanúint Uladh – toisc gur ann a bhí móramh na gcainteoirí dúchais – seachas “in a dialect which is practically dead”.

Tugadh freagra pras ar an duine seo a dúirt “…[that] the daily Gaelic news ought to be given in a form that will be understood by the majority of Gaelic speakers”, freagra ina bhfuil macalla de chaint Philpott:

‘Recently native speakers of Donegal and Connaught have objected to the standardisation of Irish spelling and to the radio news because the cloven foot of Munster Irish is thought to be prominent in them. Their dialect, because [it is] spoken by more native speakers, should prevail we are naively told. Why should mere numbers decide the important question of standard spelling and pronunciation? Most of the native speakers cannot spell in any dialect; neither have they wireless sets. Dialect partition and dialect wars have been the chief obstacle to the spread of Irish. In every progressive country there is an official standard language for radio and the schools. Thus neither Cockney English nor Yorkshire English is heard over the BBC news. Only standard English is permitted. Why cannot we have standard Irish? In a good standard Irish it should be impossible to tell the native dialect of the speaker.’
DUBLIN SPEAKER

Ní i dtaobh na Gaelainne amháin a bhí an t-allagar seo faoi chaighdeán teanga sna meáin. Dúirt scríbhneoir amháin i 1943:
‘I would prefer to hear a news bulletin in an honest-to-goodness Cork or Kerry brogue than the pseudo London-West-End accent which always gives me the impression of having been painstakingly acquired.’

Bhí trácht chomh maith ar chanúintí an Bhéarla sa Dáil sa bhliain céanna:

‘The question of accents has always appeared to me to be debatable. Dublin, Cork, and many other counties claim to speak the best English. I claim that Tipperary speaks the best English. As a matter of fact, I have not heard one really Irish accent over Radio Éireann, bar one— who came in last year—and I understand he was a Limerick man. Of course, I know that people from Aberdeen and other parts of Scotland, as well as certain parts of England, claim to use the best English accent, but I still maintain that we, in Tipperary, can claim to speak the best English and with the best accent.’

Go deimhin ní gá dul siar chomh fada sin chun cáineadh ar theanga na gcraoltóirí a fháil: chuir Gay Byrne na cosa beaga uaidh toisc nach raibh fuaim na litreach ‘T’ ‘i gceart’ ag foireann RTÉ. Ach cé a deir go bhfuil sé á rá i gceart ag Gay, agus mícheart ag a chomharbaí?

Dar liom féin, is sna canúintí atá fíorshaibhreas na teanga, pé acu Béarla nó Gaelainn é. Is deise liom bheith ag éisteacht le Béarla Mhickey Flanagan ná Béarla an BBC. Nach spéisiúla Béarla na Healy-Raes ná Béarla neodrach na léitheoirí nuachta? Ná seasfá seacht seachtaine lomnocht sa sneachta ag éisteacht le Maolra Mac Donncha ag léamh na nuachta?

Más foghlaimeoir tú, nárbh fhearr duit ceann de na canúintí beo bríomhara a fhoghlaim ná bheith i dtaobh le caighdeán oifigiúil, nó leagan Gaelach de Received Pronunciation an Bhéarla, mar a mhol Philpott? Agus cé a deir go bhfuil canúint amháin (i.e. an caighdeán) ‘ceart’ agus na canúintí mícheart? Canathaobh gur drochrud é go mbeadh saibhreas, líofacht agus deisbhéalaí á léiriú ag na craoltóirí – nach leis sin a bheifeá ag súil ó scothchainteoirí aon teanga?

B’fhéidir go bhfuil áit ann do theanga chaighdeánach i measc na gcanúintí a bhíonn le cloisteáil ar RTÉ, ach ná tagadh sé in áit na gcanúintí eile.

Deir Philpott gurb í an fhadhb is mó atá ag an nGaelainn ná go bhfeictear í mar ábhar scoile seachas mar theanga a fhoghlaimítear go nádúrtha. Ach tá amhlaidh á dhéanamh ag Philpott féin agus é ag áitiú gur d’fhoghlaimeoirí na teanga an tseirbhís nuachta. Nach seirbhís nuachta do lucht labhartha na Gaelainne í an Nuacht, seachas áis foghlama? Nó ar cheart gach seirbhís, áis agus tionscadal bheith dírithe ar an bhfoghlaimeoir?

Is fíor do Philpott go bhfuil scata fadhbanna le múineadh na teanga sa tír seo, ach níor cheart bheith ag brath ar Mháire Treasa Ní Cheallaigh nó ar Ailbhe Ó Monacháin chun í a mhúineadh.
Ar a shon san is eile, b’fhéidir gur cheart do Mháire Treasa, d’Ailbhe agus gach duine eile acu iompú ar Ghaelainn bhinn na Mumhan. Ar son na comhthuisceana…

Fág freagra ar 'Ná seasfá seacht seachtaine lomnocht sa sneachta ag éisteacht le Maolra Mac Donncha ag léamh na nuachta?'

  • Concubhar

    Nuair a deir Daithí gur cheart iompú ar ‘Ghaelainn bhinn na Mumhan’, an é atá i gceist aige i bhfirinne ná go mbeadh gach éinne ag labhairt ar nós na Ciarraígh [mallaithe] ar chaid agus ar fheirmeoirithe agus a leitheid? Tá níos mó ná Gaelainn binn amháin i gCúige Mumhan, ar eagla nach samhlaíonn sé a mhalairt!

  • Seán Mac Gearailt

    Níl agam ach ón mBéarla go dtí Gaeilge na scol agus fiú ansin níl na rialacha gramadaí ró-bheacht agam. Measaim gur fearr ann ná as an “Ghaeilge/Ghaolainn/ Gaelic” a bhíonn ag mo leithéidse. Bainim taitneamh agus sásamh as labhairt le mo chairde i dteanga ársa na nGael, fiú más lochtach mo chuid iarrachtaí.
    Sin ráite, ba thubaisteach an rud é iarracht a dhéanamh na canúintí a bhrú faoi chois sna meáin. Sna canúinti atá saibhreas na teanga. Ina chanúint féin is fearr a chuirfidh gach éinne é féin in iúl. Sé is fusa leis labhairt. Mar sin , ligimis do léitheoirí nuachta, tuairisceoirí 7rl a rogha canúint a úsáid. Bímis ag foghlaim uathu.

  • mícheál

    Más fíor go bhfuil a droim le haill ag an nGaeilge sna Gaeltachtaí móra .i. Connemara agus Dún na nGall, mar a deirtear, (i measc an aosa óig) cén bhail atá uirthi i gCúige Mumhan? An bhfuil an ‘cúl le cine’ chomh tréan céanna ann i gcónaí? Duine óg airithe ó Chorca Dhuibhne ar briseadh as a phost é le déanaí agus a mhaígh ar na meáin uile gur ‘cainteoir dúchais’ é nuair ba léir narbh ea. Nó an cainteoir dúchais ar na saolta seo anois é duine a déarfadh… ‘is maith leo labhairt ina theanga dúchais’….’is maith liom caint le daoine’….i measc allaití uafara eile?

  • alfraits

    Déanann nuachtoirí Rte/Rng/Tg4 éacht gach uile lá den tseachtain agus goirim iad ó chroí. Éiríonn leo cúrsaí casta gabhlánacha an tsaoil a scagadh ar bhealach soiléir paiteanta trí mheán na scoth-Ghaeilge. Cuireann siad corc mór siar i ngrabhas na dTaliban sin a mhaíonn nach teanga ‘nua-aimsire’ í an Ghaeilge. Ní beag san de theist orthu! Agus guím ‘saol fata i mbéal muice’ do na Phil-potts agus do gach Pó eile ar beag orthu mósáic ilchultúrtha na hÉireann arb í an Ghaeilge an tseoid is lonraí ann!

  • padraig

    Sea, go deimhin, is breá liom féin a bheith ag éisteacht le Maolra Mac Donncha agus a mhacasamhla líofa lúthmhara agus an Nuacht á tabhairt amach acu. Ní hamháin go seasóinn sa (t)sneachta ach ‘ligfinn don taoille tuilleadh orm’ freisin. Is mór an faoiseamh, an fhuascailt agus an sámhnas iad ón daoscarshluagh maslach teanga a chuireann ceann le habairtí ‘Gaeilge’ le …..I think go……I suppose go….I’d say go……Iomair an bád nó fág í/Déan do chúram nó fág an pó/Déan do dhícheall leis an teanga/gach teanga a labhairt i gceart nó éirigh as.

  • Claire Lyons

    Teanga chaighdéanach ar an nuacht clárracha eile pé cainiúint atá ag an an té atá á chur I láthair é sin é an beach is fearr. B,fhearr lion féin gaeilge na Mumhain. nó Connachta thar canúint uladh

  • Rob

    Is breá liom a bheith ag éisteacht le R na Gaeltachta agus ag dul i dtaithí ar Ghaeilge bhinn ó gach cearn na tíre. É sin ráite, seans go bhfuil bearna ann do an-chuid daoine sa tír ar Stásiún nua i.e. Ráidio na Gaeilge atá dírithe ar an bpobal go ginéarálta. Cé gur bhainim an-taitneamh as RnaG b’fhéidir go bhfuil rogha eile ag teastáil…

  • Seán Buí

    deinimís príomhláithreoirí a bhabhtáil ó am go chéile agus cothramaíocht chanúnach sna tuairiscí féinig. -fin