Na Gaeil Óga ar thairseach na staire agus iad ag iarraidh a gcéad chraobh a bhaint

Níl aon stad le dul chun cinn fhoireann iomána Na Gaeil Óga ó thosaigh siad amach sé bliana ó shin agus iad ag imirt i gcluiche ceannais craoibhe den chéad uair amárach

Na Gaeil Óga ar thairseach na staire agus iad ag iarraidh a gcéad chraobh a bhaint

Pictiúr: Na Gaeil Óga CLG/Facebook.com

Tá fuadar faoi chumann Na Gaeil Óga le deireanaí. Tá obair chrua déanta ag an gcumann lán-Ghaeilge ó tháinig siad ar an bhfód roinnt blianta ó shin agus tá toradh a gcuid saothair anois le feiceáil ar an bpáirc imeartha.

An deireadh seachtaine seo caite, thug príomhfhoireann peile an chumainn leo Roinn 7, rud a chiallaíonn go bhfuil an ardú céime bainte amach acu sa tsraith den chúigiú huair in imeacht sé bliana. Ach, más iad na peileadóirí atá mar eiseamláir sa tsraith, is iad lucht na gcamán gaiscígh na craoibhe.

Níos lú ná bliain ó shin, bhain foireann na camógaíochta ag Na Gaeil Óga áit amach i gcluiche ceannais craoibhe, an chéad fhoireann ón gcumann a rinne amhlaidh. Amárach, imreoidh an fhoireann iomána i gcluiche ceannais craoibhe den chéad uair agus iad ag tabhairt aghaidh ar Naomh Seosamh i gCraobh Shóisir E an chontae.

Níl ach sé bliana ann ó tháinig baill den chumann le chéile chun foireann iomána a chur ar bun agus tar éis dóibh bliain a chaitheamh “ag cur aithne ar a chéile agus ag mealladh daoine”, mar a deir bainisteoir na foirne Colm Mac Séalaigh, is in 2012 a thosaigh na hiománaithe ag imirt i gcomórtais an chontae.

“An chéad bhliain sin, bhí sé deacair uaireanta foireann a chur amach ach d’éirigh linn i gcónaí ceann a chur chun páirce,” a deir Mac Séalaigh.

“D’éirigh linn cluiche nó dhó a bhuachan, níor buaileadh go dona muid ach uair nó dhó agus bhí muid ag déanamh dul chun cinn de réir a chéile.”

Choinnigh siad orthu ag feabhsú. Fuair siad ardú céime ó Roinn 9 sa tsraith agus bhain siad cluiche ceathrú ceannais craoibhe amach in 2015, ach is anuraidh a thosaigh siad ag bláthú i gceart.

“Ag tús na bliana seo caite, tháinig grúpa nua, seisear nó seachtar, isteach a bhí go maith agus d’ardaigh siad caighdeán agus cumas na foirne. Mar gheall air sin, bhí rogha mhaith againn agus foireann á roghnú agus bhí fir ionaid againn do chuid mhaith cluichí chomh maith,” a mhíníonn Mac Séalaigh.

Tá sé tábhachtach, i dtuairim Mhic Shéalaigh, go mbeadh an meascán sin ann idir daoine atá ag imirt leis an gcumann ón tús, leithéidí Richie Peavoy, Adam Uí Fhaoláin, Ruadháin Uí Fheinneadha agus Eoin Uí Mhurchú, agus daoine a tháinig isteach le cúpla bliain anuas. Ar na daoine sin tá leithéidí Mike Uí Tuama, Aonghuis Uí Eochaidh agus Phádraig Uí Fhearghail, dream atá anois mar chnámh droma na foirne.

“Bhí bliain mhaith againn anuraidh. Bhí sraith mhaith againn, gan an t-ardú céime a bhaint amach, agus shroich muid an cluiche leathcheannais sa chraobhchomórtas. Chaill muid é sin le cúilín, le cúl inár gcoinne sa nóiméad deireanach.”

Bhaineadar ardú céime amach de bharr a dtaispeántas sa chraobh agus choinnigh siad orthu ar an gcaoi chéanna in 2017. Bhuaigh Na Gaeil Óga a gcéad cheithre chluiche sa chraobh i mbliana, rud a d’fhág go raibh cluiche baile acu don bhabhta ceathrú ceannais. Bua cuimsitheach, 2-17 in aghaidh 0-8, a bhí acu sa chluiche sin in aghaidh Sháirséalaigh Leamhcáin ach bhí coimhlint níos déine rompu sa chéad bhabhta eile.

“Bhí orainn dul as baile don chluiche leathcheannais, go dtí Domhnach Bat, chun imirt in aghaidh Naomh Pádraig,” a deir Mac Séalaigh. “Drochlá a bhí ann. D’éirigh linn sa chluiche, ar éigean, le pointe amháin. Bhí muid cúig phointe chun cinn ag leath ama ach bhí muid faoi bhrú sa dara leath, ach d’éirigh linn. Thug sé sin an-spreagadh dúinn agus bhí cluiche amháin againn sa tsraith ó shin, i gcoinne Leamhcáin, agus bhuaigh muid an ceann sin go maith.”

Mar a tharlaíonn sé, chas Na Gaeil Óga ar fhreasúra an lae amáraigh sa chraobh anuraidh agus thug siad léasadh dóibh, 3-16 in aghaidh 1-5. Ba é sin an t-aon chluiche a chaill Naomh Seosamh i gcaitheamh an chomórtais anuraidh agus thug siad an chraobh leo. Deir Mac Séalaigh nach fiú mórán béime a chur ar thoradh 2016 mar gur léir go raibh imreoirí in easnamh ar a gcéilí comhraic.

Tá an t-ardú céime go dtí an Chraobh Shóisir D bainte amach cheana féin ag Na Gaeil Óga, agus níl an bainisteoir buartha ach faoin taispeántas a thabharfaidh a chuid imreoirí uathu amárach.

“Táim ag súil le taispeántas maith agus ar a laghad má bhuaitear orainn beidh sé le rá againn nárbh fhéidir linn níos mó a dhéanamh,” a deir Mac Séalaigh.

É sin ráite, bheadh sé go deas an chéad chraobh a bhuachan don chumann ach fiú mura dtarlaíonn sin amárach, idir a gcuid foirne uile, tá an chuma ar an scéal nach mbeidh Na Gaeil Óga ag fanacht i bhfad eile.

Cluiche Ceannais Chraobh Shóisir E Iomána Bhaile Átha Cliath

16 Meán Fómhair,
Na Gaeil Óga v Naomh Seosamh,
Páirc Lorcáin Uí Thuathail, 5.00i.n.

Fág freagra ar 'Na Gaeil Óga ar thairseach na staire agus iad ag iarraidh a gcéad chraobh a bhaint'