Na Gaeil a d’imigh uainn in 2023

Ar liosta na marbh ón am seo anuraidh bhí Gaeil aitheanta ar mhór a gcumas agus a suáilcí

Na Gaeil a d’imigh uainn in 2023

Mo léan géar is iomaí sin goltraí a casadh ar fud na cruinne le bliain agus lucht díomais is sainte ag déanamh sléacht ar mhná agus leanaí ar a dtinteán féin. Anseo sa mbaile d’fhág timpistí bóthair agus an mí-ádh mór teaghlaigh go leor faoi bhrón.  Ar liosta na marbh ón am seo anuraidh bhí Gaeil aitheanta ar mhór a gcumas agus a suáilcí.

Séamus Ó Beaglaoich. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Ní raibh a hanáil tarraingthe ag an mbliain úr nuair a sciobadh uainn gan choinne an ceoltóir, amhránaí, feirmeoir agus duine de phearsana móra na Gaeltachta Séamus Ó Beaglaoich as Baile na bPoc. Is boichte saol Fódhlach gan é féin, a ghuth róbhinn, a dhea-chaint agus a bhosca ceoil.

Ní raibh mí Eanáir curtha dínn againn nuair a ghlaoigh an bás ar an Athair Micheál Mac Gréil, socheolaí, taighdeoir, agus fear uasal a throid ar feadh a shaoil ar son an chirt don teanga agus don uile dhuine ar an saol seo, saibhir is daibhir. Mairfidh cuimhne an tsagairt ar Mhám Éan a chroí mar ar nochtadh leac dó i rith an tsamhraidh.

Chaith Seán P Ó hÉalaí as Doire a bhásaigh sa Mhárta a shaol leis an iriseoireacht agus ba mhaith uaidh. Is iomaí sin meán ar fhág sé a lorg air – Comhar, Raidió na Gaeltachta, an Irish Press.

I ndeireadh an Mhárta a tháinig an scéala go raibh iarcheannaire ar RnaG, iarcheannasaí ar RTÉ agus iar-phríomhfheidhmeannach ar Gael Linn imithe uainn. Ba mhór an ról a bhí ag Brian Mac Aongusa leis an gcraoltóireacht sa tír seo – ar an gcoiste a bhunaigh RnaG agus ina chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach a raibh bunú Theilifís na Gaeilge mar chúram air.

San Aibreán a tháinig an drochscéala as an Astráil go raibh Maelíosa Stafford ar lár. Ba mhór i gceist an t-aisteoir Maelíosa agus a mhuintir i saol na hamharclannaíochta i nGaillimh agus go háirithe sa Taibhdhearc. Bhí Maelíosa abhus mar stiúrthóir ar Taibhdhearc@90, ceiliúradh 90 bliain na Taibhdheirce in 2018.

Seán Ó Tuairisg, láithreoir Adhmhaidin i 1986

San Aibreán freisin a d’imigh an craoltóir cumasach as an Lochán Beag, Seán Ó Tuairisg uainn. Bhí Seán ar an meitheal bheag sin a chuir tús le seirbhís RnaG agus a mheall na héisteoirí lena ghreim ar a theanga agus ar chúrsaí reatha – tréithe a thug sé leis ina dhiaidh sin go dtí Cúrsaí ar RTÉ. Is deacair a rá nár íoc muintir Thuairisg a ndeachú go maith i mbliana mar sa Mhárta a bhásaigh deartháir Sheáin, Pádraig, in Árainn. Rinne Pádraig obair mhór san Ionad Oidhreachta agus leis an mbád tarrthála ansin tar éis blianta ag teagasc i gColáiste Iarlatha i dTuaim.

Bhí lucht na drámaíochta amaitéaraí faoi bhrón san Aibreán nuair a chualadar go raibh Seán Ó Morónaigh ar shlí na fírinne. Is beag halla pobail sa tír seo nach bhfacthas Seán ann leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta agus is iomaí sin dráma agus leabhar a foilsíodh faoina stiúir.

Scaip scamall an bhróin ar Dhoire Cholm Cille i dtús na Bealtaine nuair a d’fhág an ceoltóir, an scríbhneoir agus an scoláire Risteard Mac Gabhann an slán deireanach linn.

Nach iomaí duine a raibh fonn mall aige lena chaoineadh a bhuíochas do theagasc fhear séimh an chairdín. Nach breá go bhfuil cnuasach dá chuid amhrán againn ó Colmcille Press, ‘Claisceadal Cois Baile’.

Mí an Mheithimh a ghoin an bás pobal na Ceathrún Rua agus na Scoile Cuimsithí nuair a d’imigh Neasa Mhic Dhonncha léi i bhfad ró-óg. Is iomaí sin duine óg ar fhág Neasa a lorg air agus nach ise a bheadh bródúil ach iad a fheiceáil ag úsáid gach tallann dár bronnadh orthu.

Mí Lúnasa a d’imigh an múinteoir agus an Feirsteach ceolmhar Gaelach, Eithne Ní Mhurchú uainn. Bhí Eithne ina cónaí i mBun Abhann Dalla i nGlinnte Aontroma, an áit arbh as a sin-seanmháthair, cainteoir dúchais Gaeilge. Agus í fós sna déaga bhí Eithne ag teagasc na Gaeilge agus na n-amhrán i gCumann Chluain Ard. D’aithin Seán Ó Riada a cumas ceoil agus ghlac sí páirt i gceolchoirmeacha leis.

Mí Lúnasa freisin a sciobadh uainn an t-ailtire agus an gníomhaí teanga Tomás Ó Monacháin a raibh cónaí air i nGaoth Dobhair. Is mór a rinne Tomás ar mhaithe leis an gceol agus an Ghaeilge ó bhí sé ina fhear óg agus é ag teacht as Béal Feirste go Rann na Feirste. Throid sé go calma in aghaidh aon éagóir ar an teanga nó ar phobal na Gaeilge ach fear pobail a bhí ann a bhí gníomhach in imeachtaí sóisialta agus cultúrtha an phobail.

Baineadh croitheadh as Gaeil ar fud na cruinne i lár mhí Mheán an Fhómhair nuair a tháinig an scéala go raibh a chuid coraíochta leis an ailse caillte ag an gcraoltóir geanúil Rónán Mac Aodha Bhuí as Gaoth Dobhair. Fear Gaeltachta, teanga agus ceoil go smior ab ea Rónán Mac Aodha Bhuí a aithnítear mar cheannródaí i gcraoltóireacht na Gaeilge agus mar ardrí ar an gCiorcal Craiceáilte.

Rónán Mac Aodha Bhuí

Mar a dúirt a chara, an tAthair Brian Ó Fearraigh ag aifreann a thórraimh, “Bhí Rónán mar a bheadh solas lonrach ag soilsiú inár saol agus inár mbeatha. Chuidigh sé le go leor daoine ar go leor bealaí. Thug sé guth agus ardán don oiread sin daoine ar an oiread sin bealaí.”

Úrscéalaí, file, scríbhneoir, scoláire, aistritheoir, léirmheastóir, múinteoir, sagart léannta ildánach agus Gael go smior ab ea Breandán Ó Doibhlin a d’imigh uainn Meán Fómhair na bliana seo. D’fhág a lorg go láidir ar léann agus litríocht na Gaeilge agus a bhuíochas dá chuid taighde is stocaireachta tá Coláiste na nÉireannach ar ais againn i bPáras. Tá oidhreacht bhuan againn ina shaothar ón úrscéal ceannródaíoch sin i dtús na seascaidí, Néal Maidine agus Tine Oíche go dtí Sliocht ar Thír na Scáth in 2018. Thug sé cead a cinn don teanga a rogha rud a rá go healaíonta agus í ina seasamh go teann ar a dúchas. Comaoin ar scríbhneoirí an ealaín agus an dua a chaith sé le fiúntas na léirmheastóireachta a aithint mar cheird thábhachtach.

Is mór i gceist Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus na seónna agus na drámaí go léir a chuireadar ar ardáin ar fud na tíre. Níl aon dabht ach go raibh lámh stuama ag Neilí Mhic Ghiolla Bhríde i gcothú na n-ealaíon sular imigh sí ar shlí na fírinne mí Deireadh Fómhair.

Chaith Neilí daichead bliain ag teagasc bunscoile agus ag cothú an cheoil agus na drámaíochta sna leanaí a bhí faoin cúram. D’fhoilsigh sí dhá leabhar do pháistí chomh maith le bheith ag ceol le Cór Thaobh a’Leithéid.

Na laethanta céanna d’imigh scríbhneoir, aistritheoir agus file eile uainn a raibh gean agus meas ag gach n-aon air, Liam Prút.

Bhí Liam tamall ina eagarthóir litríochta ar an iris Comhar, agus tháinig úrscéalta agus filíocht chomh maith le leabhair do pháistí óna pheann.

Ba é Liam a chuir eagar ar an leabhar Caithfear éisteacht! Aistí Mháirtín Uí Chadhain in Comhar agus ar Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn in Comhar agus bhí suim mhór aige i gcás na teanga agus a cuid litríochta.

Bhí Liam i gcónaí flaithiúil lena chomhairle agus ba mhaith uaidh léirmheas a dhéanamh ar shaothar cé gur chásaigh sé go minic an gorta léirmheastóireachta ar shaothar na Gaeilge.

Críostóir Ó Floinn

D’fhág an t-údar Críostóir Ó Floinn slán againn i ndeireadh an fhómhair in aois a 95 bliain. Luimníoch a chuir 60 leabhar ar fáil dúinn lena bheatha agus ar éirigh linn léargas éigin a fháil ar a shaol sa gclár a rinne TG4 faoin teideal Leanann Trioblóid Leabhar. Níor stop cinsireacht ná neamhaird Críostóir i mBéarla ná i nGaeilge agus ba mhaith uaidh a chuid féin a chur in iúl.

Mí na marbh a d’imigh an t-údar, leabharlannaí agus craoltóir Diarmuid Breathnach leis. Tá cine Gael faoi chomaoin ag Diarmuid agus Máire Ní Mhurchú as an tsraith Beathaisnéis a chur i dtoll a chéile dúinn agus teacht againn air go héasca anois ag ainm.ie. Tugtar an-léargas ina bheathaisnéis ar shaol na Gaeilge sa Pháil ó na 1940idí ar aghaidh agus ar scéal an náisiúnachais chultúrtha a rinne Gaeilgeoir dílis de. Fear uasal suáilceach a raibh meas ag cách air.

I ndeireadh na Samhna cuireadh i gcré na cille i mBaile Átha Cliath Anraí Ó Braonáin, duine de na Gaeil is geanúla agus is soilíosaí a chuir cos i mbróg riamh.

Bhí focal agus beannacht ag Anraí do gach duine a tháinig ina bhealach agus suim aige i scéal an duine ba fánaí amuigh mar nár aithin sé íseal ná uasal.

Bhí an saol mór agus a mháthair ag sochraid an cheoltóra is an chumadóra Shane MacGowan a bhásaigh i ndeireadh na Samhna. Ba é Shane ‘Mo Ghile Mear’ ag lucht taitnimh an cheoil agus ba dheas mar a chas Cór Chúil Aodha sin ina ómós ag aifreann a shochraide. Brónach go leor a bhí pobal an cheoil ag cuimhneamh go raibh Shane á thórramh ar lá breithe an tsáramhránaí, Sinéad O’Connor a bhásaigh i mí Iúil agus gan í ach 56 bliain ar an saol seo. Nach mór na geasa a chuir a guth ó neamh ar Ghaeil is Gaill mar a rinne liricí cumasacha fhile Thiobraid Árann.

Fág freagra ar 'Na Gaeil a d’imigh uainn in 2023'

  • Mícheál Ó Ruairc

    D’fhág an t-úrscéalaí (Bean i mBiarritz, Cois Life,2008), an scríbhneoir agus an beachaire, Brian Ó Dochartaí, ár gcomhluadar i mí na Bealtaine in aois a 85 bliain. B’as Gleann Beithe i gCiarraí dó ó dhúchas ach bhí cónaí air i Steach Maoilín, Co na Mí, le fada. Chaith sé roinnt blianta mar chraoltóir deonach le Raidió na Life. Fear é a cheistigh agus a thug dúshlán an chórais i gcónaí. Fear é chomh maith a bhí dílis don teanga Ghaeilge lena bheo.

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Táimse buíoch díobh as ucht mo sheanchara Críostóir a lua anseo i measc na laoch uilig a d’imigh ar shlí na fírinne i mbliana.

  • Nóilín Nic Bhloscaidh

    Proinsias Mac Bhloscaidh, a d’éag an 26 Márta 2023 (Aois 89 agus 3 mhí go leith – bhí an bheaichte tábhachtach dó!). Gael go smior. Fear a chleacht nós an fáinne óir a chaitheamh gach uile áit dá dtéadh sé, le linn soininne is doininne. M’athair dílis, oide, fear lách a threabhaigh gort na Gaeilge ar a bhealach ciúin féin. As Gort na gCarn, taobh amuigh de Chabhán an Chaorthainn ó dhúchas dó ach ba í an chinniúint a thug go Loch gCaol é, áit ar shaothraigh sé a cheird mar ‘an Máistir’, mar a thugtar air fós, le gean. Is ann a bhuail sé le mo mháthair, agus é ag teagasc ranganna Gaeilge go deonach, i ndiaidh lá scoile. Is ann, lasmuigh d’fhuinneog a sheomra leapa, atá an crann caorthainn a phlandáil sé féin 60 bliain ó shin in ómós dá fhód dúchais, crann láidir téagartha, crann a mhair ina dhiaidh is a choinnigh a chuimhne buan. Bhaist sé ‘Gort na Móna’ ar an teach a dhear sé is a tógadh faoin stiúir. Go soilsí solas na bhFlaitheas ar d’anam uasal Gaelach a dheaid. Níl lá dá dtéann tharainn nach smaoiním ort. Croí mór isteach agus codladh sámh. Go gcasfar ar a chéile arís muid. ❤️