‘Ná déan anailís ar mo chuid línte’ – singil nua ‘Fine Art’ curtha amach ag Kneecap 

'Fine Art’ an singil is déanaí ó na rapálaithe Gaelacha a chuirfidh albam den teideal céanna amach mí an Mheithimh

‘Ná déan anailís ar mo chuid línte’ – singil nua ‘Fine Art’ curtha amach ag Kneecap 

Tá traic teidil a gcéad albaim curtha amach ag an ngrúpa ceoil Kneecap.

‘Fine Art’ an singil is déanaí ó na rapálaithe Gaelacha a chuirfidh albam den teideal céanna amach mí an Mheithimh ar an lipéad Heavenly Recordings.

Tá sampla den chraoltóir Stephen Nolan le cloisteáil ar an singil nua agus é ag trácht le teann amhrais ar mhaíomh Kneecap gur píosa ‘fine art’ é múrphictiúr a rinne siad de veain de chuid na PSNI agus é trí thine.

Cuirtear fainic ar dhaoine ar shingil nua an bhanna, “ná déan anailís ar mo chuid línte”.

Is minic an grúpa sáinnithe i gconspóidí faoi cad is ealaín ann agus nuair a chuir Rialtas na Breataine stop le maoiniú a bhí ceadaithe dóibh níos túisce i mbliana chuir na rapálaithe i leith na dTóraithe gur ag iarraidh iad a chur ina dtost a bhíodar.

Tá an dlí á chur ag Kneecap ar Rialtas na Breataine as an gcinneadh stop a chur leis an deontas de chuid an British Phonographic Industry.

Níos túisce an mhí seo tharraing Kneecap amach as an mórfhéile cheoil SXSW in Texas mar agóid in aghaidh cheangal na féile le harm Mheiriceá agus comhlachtaí míleata agus mar ghníomh tacaíochta le muintir na Palaistíne.

I mí Eanáir bronnadh duais mór le rá ar an scannán dátheangach Kneecap, a insíonn scéal an bhanna rap aitheanta a bhunaigh triúr cainteoirí Gaeilge as Béal Feirste.

Bronnadh ar an scannán Duais Next an Lucht Féachana ag féile cháiliúil Sundance in Park City, Utah.

Beidh an scannán dátheangach á thaispeáint sna pictiúrlanna níos déanaí i mbliana.

Tá ardmholadh á thabhairt ag léirmheastóirí do Kneecap agus cheannaigh Sony Pictures Classics na cearta chun é a dháileadh sna pictiúrlanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, Meiriceá Theas, Oirthear na hEorpa, sa Tuirc agus sa Mheánoirthear.

Tá ‘Fine Art’ ar fáil ar Spotify, Apple Music, Amazon agus ardáin eile.

Fág freagra ar '‘Ná déan anailís ar mo chuid línte’ – singil nua ‘Fine Art’ curtha amach ag Kneecap '

  • Máire

    An labhrann siad riamh leis na meáin Ghaeilge nó an é nach lorgaíonn na meáin Ghaeilge agallaimh leo? Bíonn siad gach áit eile na laethanta seo – an Guardian, an BBC…..