‘Tá sé níos éasca domsa an Ghaeilge a úsáid sa Bhruiséil ná mar atá sa tír seo’ – aire stáit na Gaeltachta

Deir an tAire Stáit Thomas Byrne go mbeidh gá le tuilleadh cúrsaí Gaeilge a bhunú ag an tríú leibhéal le go mbeadh dóthain céimithe le Gaeilge ann le dul ag obair sa tseirbhís poiblí

Deir Aire Stáit nua na Gaeltachta gur ‘olldúshlán” roimh an rialtas í príomhsprioc an dlí teanga – gur cainteoirí Gaeilge a bheas in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi dheireadh na bliana 2030.

Dúirt Thomas Byrne, a bhfuil a chéad seachtain caite aige mar Aire Stáit na Gaeltachta, go raibh an Ghaeilge in áit “an-lag” ó thaobh seirbhísí stáit de agus go raibh sé i bhfad níos éasca an Ghaeilge a úsáid sa Bhruiséil ná mar atá sé sa tír seo.

“I ndáiríre, bhí sé i bhfad níos éasca domsa Francis a úsáid i gComhairle na hEorpa toisc gur teanga oifigiúil atá ann. 15 nóiméad… bhí aistriúchán agam ar ráiteas a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh.

“Sa Bhruiséil freisin, bhí sé níos éasca domsa Gaeilge a úsáid ná Francis nó aon teanga, go ginearálta, ná mar atá seo sa tír seo, ach tá sé sin ag athrú. Tá a lán oibre á dhéanamh ag mo roinn agus an rud is tábhachtaí ná an tAcht Teanga.”

Dheimhnigh an t-aire stáit do Tuairisc go mbeidh daoine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí cheana féin mar chuid den 20%, seachas earcaigh nua chuig an tseirbhís amháin, mar a tuigeadh ón tús.

De réir an Achta, deirtear go mbeidh ‘20 faoin chéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí’ ina gcainteoirí Gaeilge faoi dheireadh 2030.

“An léamh atá agam air sin, léamh an achta, agus sin na hearcaigh agus measaim go bhfuil sin tábhachtach agus go mbeidh an-tionchar aige siúd, beidh daoine atá ansin cheana féin ag feabhsú a gcuid Gaeilge agus ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chur chun cinn agus beidh daoine sinsearach in ann Gaeilge a úsáid. Tá sé sin an-tábhachtach.

Shéan an tAire Stáit go raibh aon lagú á dhéanamh ar an sprioc.

“Ní lagú…tá muid lag inniu, tá muid chomh lag sin inniu. Cé mhéad daoine atá ag dul isteach sa státseirbhís le haon sórt caighdeán Gaeilge?

“Figiúr an-an-íseal. Is deis iontach é seo don Ghaeilge agus measaim, b’fhéidir seans nach bhfuil daoine sásta le cad atá á rá agamsa agus ag mo roinn, ach tá mise ag léamh na reachtaíochta, beidh ard-dúshlán againn an rud seo a chur i bhfeidhm ach mar a dúirt mé seo an rud is tábhachtaí.”

Dúirt sé go mbeadh páirt ghníomhach aige san fheachtas earcaíochta chun tuilleadh cainteoirí Gaeilge a mhealladh le dul ag obair sa tseirbhís phoiblí.

“Beidh mise ag tús an chláir sin ag dul timpeall na n-ollscoileanna. Rinne mé sin cheana. Rinne mé sin cheana féin nuair a bhí mé i m’aire Eorpach. Bhí clár againn maidir le hearcaíocht san Eoraip, go ginearálta, ní hamháin le Gaeilge. Tá an-spéis ag daoine óga sna slite beatha.

“Measaim nach bhfuil daoine ar an eolas faoi seo agus caithfidh muid iad a chur ar an eolas agus beidh a lán daoine amuigh ansin a bheidh ag iarraidh na deiseanna sin a thógaint a nGaeilge a fheabhsú agus a thabhairt go leibhéal ard cuí.”

Dúirt Byrne go gcaithfear an cur chuige céanna a úsáid san fheachtas a reáchtáladh le haistritheoirí agus ateangairí Gaeilge a earcú chuig seirbhísí aistriúcháin na hEorpa.

“Bhí orainn a chinntiú go raibh na mic léinn anseo, go raibh na cúrsaí anseo, go raibh an caighdeán Gaeilge anseo, go raibh na háiseanna anseo. Tá siad anseo agus tá daoine ag baint tairbhe as sin. Caithfidh muid é sin a dhéanamh ar bhonn i bhfad níos airde, maidir leis an 20%. Tá sé ollmhór, is olldúshlán é ach caithfidh muid é a bhaint amach.”

Dúirt sé go mbeadh gá le tuilleadh cúrsaí Gaeilge a bhunú ag an tríú leibhéal le go mbeadh dóthain céimithe le Gaeilge ann le dul ag obair sa tseirbhís phoiblí.

“Beidh air sin tarlú, agus measaim go bhfuil sé ag tarlú. Tá níos mó cúrsaí ansin anois ná mar a bhí nuair a chuaigh muidne chun an choláiste. Tá sé ag tarlú.”

Dúirt sé go mbeadh a “lán deiseanna ag daoine” agus go raibh sé ag súil go mbeadh an teachtaireacht chéanna ag cainteoirí Gaeilge agus ag na meáin Ghaeilge ‘má tá Gaeilge agat, beidh buntáiste agat’.

Beidh muintir na Gaeltachta in ann seirbhísí Gaeilge a fháil ón stát, atá ina “cheart bunreachtúil” acu, a dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne.

Fág freagra ar '‘Tá sé níos éasca domsa an Ghaeilge a úsáid sa Bhruiséil ná mar atá sa tír seo’ – aire stáit na Gaeltachta'

  • Siobhán Nic Giolla Phádraig

    Is fada ó chuala mé caint comh suimiúil faoin teanga. Níl fhios agam a dtuigeann Thomas Byrne go dteastódh campas mór triú leibhéal lánGhaelach le gach saghas cúrsa chun a dhóthan céimithe le Gaeilge d’ardchaighdeán a chur ar fáil don tseirbhís poiblí. Faoi láthair níl aon choláiste chun fiú amháin múinteoirí le hardchaighdeán Ghaelge a chur ar fáil don earnán Ghaeloideachais.
    Ach beidh sé deacair campas atá lánGhaelach i ndáiríre a bhunú. Ar go leor leor cúiseanna éagsúla níl ag eirí leis na meánscoileanna lánGhaelacha ná na meánscoileanna Gaeltactha a dhéanamh cinnte de go bhfágann a gcuid daltaí an scoil leis an gcaighdeán céanna Gaeilge agus atá acu sa Bhéarla. Ní h-aon chabhair é an siollabas Ghaeilge “dumbed down” ag an dara leibhéal atá dírithe ar foghlaimeóirí i scoileanna lán-Bhéarla. Níl fhios agam an bhfuil tuairim dá laghad ag tuismitheoirí faoin éagóir sin.

  • Colette

    Cé mhéid duine a bheadh sa 20% atá luaite ag an Aire Ó Broin?

    Cad as a dtiocfaidh na daoine seo le Gaeilge den scoth, idir labhairt agus scríobh?

    Sa tseirbhís phoiblí tá an Státseirbhís, an Earnáil Oideachais (go príomha gairmithe múinteoireachta ag an mbunleibhéal, an iar-bhunscoil agus an tríú leibhéal), an earnáil Dlí agus Cirt (An Garda Síochána go príomha), an Earnáil Sláinte (go príomha baill foirne atá fostaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte). ), na húdaráis áitiúla agus na gníomhaireachtaí stáit neamhthráchtála (NCSAs). Sin an-chuid daoine!

    Guím gach rath agus ádh mór ar an Aire nua .