Scannán ‘an-ghreannmhar go deo’ a dhéanann ‘cíoradh corraitheach’ ar thábhacht na Gaeilge – ardmholadh do ‘Kneecap’

Bhí a première ag ‘Kneecap’ Féile Sundance, áit ar cheannaigh comhlacht mór cearta dáileacháin do scannán beathaisnéise rapálaithe Gaelacha Bhéal Feirste

Scannán ‘an-ghreannmhar go deo’ a dhéanann ‘cíoradh corraitheach’ ar thábhacht na Gaeilge – ardmholadh do ‘Kneecap’

Tá ardmholadh á thabhairt ag léirmheastóirí don scannán dátheangach Kneecap, a insíonn scéal an bhanna rap aitheanta a bhunaigh triúr cainteoirí Gaeilge as Béal Feirste.

Bhí a première ag an scannán beathaisnéise a stiúir Rich Peppiatt ag féile cháiliúil Sundance in Utah Déardaoin seo caite, áit ar cheannaigh Sony Pictures Classics na cearta chun Kneecap a dháileadh sna pictiúrlanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, Meiriceá Theas, Oirthear na hEorpa, sa Tuirc agus sa Mheánoirthear.

Dúradh in The Hollywood Reporter gur scannán é a bhí “ag baint súp as an bhfonóid” agus dúradh go raibh “nádúrachas” triúr Kneecap, Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí, le moladh agus iad ag aisteoireacht i róil mar iad féin sa scannán.

Moladh freisin “fuinneamh tógálach” an scannáin agus dúradh go meabhródh chur chuige seiftiúil samhlaíoch na scéalaíochta duit na cleasa ar chuir Danny Boyle an lucht féachana faoi gheasa leo i Trainspotting, ceann de mhórscannáin na 1990idí.

Deir The Hollywood Reporter go bhfuil Kneecap lán den chineál croíúlachta agus den ghreann dubh atá coitianta sa Tuaisceart.

“Cén áit eile a mbainfí greann chomh mór sin as cuimhne an diantráma a thagann anuas ó ghlúin go glúin?”

Níos giorra do bhaile, dúirt Donald Clarke san Irish Times go raibh sé soiléir gurb é stádas an scannáin chultais a bhí i ndán do Kneecap. Ceithre réalta as cúig cinn a bhronn an Irish Times ar an scannán agus thug Clarke suntas ar leith do ghné na Gaeilge den scéal.

Deir Clarke gur fearr a oibríonn Kneecap nuair a dhéantar na sáiteáin faoi Thuaisceart an lae inniu a mheascadh leis an “cíoradh corraitheach” a dhéantar ann ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge.

Dúirt Paul Whitington san Irish Independent go raibh go leor léargais sa mhagadh sa scannán, a bhí “an-ghreannmhar go deo”.

“Tá sé ar cheann de na scannán is macánta atá feicthe agam faoin Tuaisceart, ach ní bhíonn sé dáiríre mar scannán ach amháin ó am go chéile – thar aon rud eile is mór an spórt é.

“Tá an ceol ar fheabhas agus cé go mb’fhéidir nach bhfuil Gaeilge Bhéal Feirste díreach chomh ceolmhar leis na canúintí a labhraítear i gCiarraí nó i nGaillimh, tá blas borb an bhaile mhóir uirthi a oireann go hiontach do rithimí ghearraighneas an hip-hop. Cinnte, scannán é ar fiú súil a choimeád amach dó.”

Dúradh i Screen Daily gurb é Kneecap “an rud is greannmhaire a tháinig amach ó Bhéal Feirste” agus maíodh in The Wrap gur scannán “dána” é a bhí bunoscionn ar fad leis an ngnáthrud a mbeifeá ag súil leis ón seánra.

Fág freagra ar 'Scannán ‘an-ghreannmhar go deo’ a dhéanann ‘cíoradh corraitheach’ ar thábhacht na Gaeilge – ardmholadh do ‘Kneecap’'

  • Breathnóir1

    Maith iad Kneecap. Tá siad ag cur as do Ian Paisley, Times Londan agus an Daily Mail faoi láthair, mar sin caithfidh go bhfuil siad ag déanamh rud éigin i gceart…