Ná cuir toghchán tobann as an áireamh agus binse Charleton i mbun fiosraithe

CATHAL MAC COILLE: Ní haon dochar cuimhneamh ar na timpistí a chuir deireadh le trí rialtas eile

Ná cuir toghchán tobann as an áireamh agus binse Charleton i mbun fiosraithe

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tháinig Teachtaí Dála, agus an tír, slán ón olltoghchán a bhí ag bagairt ar feadh tamaill dhá mhí ó shin. Léirigh críoch an scéil sin do mhórán go raibh toil láidir in uachtar arís i dTeach Laighean – toil a dheimhníonn de ghnáth go seachnaítear toghchán más féidir é a sheachaint.

Téann an toil i laige de ghnáth de réir mar a théann Dáil in aois. Má thugann a thuilleadh pobalbhreitheanna le fios go bhfuil tacaíocht Fhine Gael sna lár-thríochaidí (mar a bhí nuair a ghnóthaigh siad 76 suíochán in 2011) beidh cathú ar Leo Varadkar olltoghchán a fhógairt roimh dheireadh na bliana.

Beidh cathú de shaghas eile ar Mhicheál Martin. De réir na luath-mheastachán, beidh deis ag an rialtas a bheith flaithiúil arís sa cháinaisnéis. D’oirfeadh sé d’Fhianna Fáil cúis, nó leithscéal, a aimsiú leis an rialtas a chur as oifig ionas go mbeadh deis acu sciar den fharasbarr a chaitheamh.

Roimhe sin, áfach, ní theastaíonn ach timpiste nó achrann gan choinne chun críoch a chur le ré an 32ú Dáil. Mar a tharla cheana (féach an painéal staire, thíos) agus mar is gá a chur san áireamh agus éisteachtaí poiblí an Bhinse Um Nochtuithe ag tosú Dé Luain.

Beidh an Binse (http://www.disclosurestribunal.ie/) ag díriú isteach sna seachtainí atá romhainn ar ábhar a raibh dlúthbhaint aige leis an raic idir Fianna Fáil agus Fine Gael i mí na Samhna. I mbeagán focal, beidh ábhair a bhaineann le dhá cheann de théarmaí tagartha an Bhinse á n-iniúchadh:

  1. Ar bhain iarChoimisinéir na nGardaí Nóirín O’Sullivan leas míchuí as líomhaintí bréige go raibh baint ag an Sáirsint Maurice McCabe le mí-úsáid ghnéasach, nó as ábhar eile nach raibh bunús leis, le linn éisteachtaí Choimisiún Higgins in 2015?
  2. Teagmháil idir an Garda Síochána ar thaobh amháin agus, ar an taobh eile, na meáin, an rialtas, TUSLA, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, forais eile stáit, agus daoine eile, má shíltear gur fiú iad a cheistiú.

Is leor breathnú ar liosta na bhfinnéithe a cheisteofar ag an mBinse chun íogaireacht pholaitiúil an cheistiúcháin a thosóidh Dé Luain a thuiscint. Ina measc, tá:

– Frances Fitzgerald, iarThánaiste agus iar-aire dlí agus cirt (16 Eanáir).

– Nóirín O’Sullivan, iarChoimisinéir, an Garda Síochána (10 Eanáir).

– Colm Smyth, abhcóide an Choimisinéara ag Coimisiún Higgins.

– Noel Waters, iar-ardrúnaí sa roinn dlí agus cirt.

– Maurice McCabe, sáirsint, a cheisteofar ar deireadh.

San Irish Examiner Dé hAoine, chuir an t-aire airgeadais Paschal Donoghue folíne shoiléir faoi thábhacht pholaitiúil na gceisteanna a chuirfear i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Ní raibh rud ar bith mícheart déanta ag Frances Fitzgerald, a dúirt sé, ach bhí botún déanta aici agus ní raibh aon dul as aici ach éirí as oifig. 

Ní féidir an chontúirt a spreagfaidh éisteachtaí an Bhinse a mheas roimh ré. Ní léir fós an gceisteofar na Gardaí go léir a raibh baint acu leis an gcomhcheilg a deirtear a bhí ar bun in aghaidh an tsáirsint McCabe. Ach ní tearc na cúiseanna amhrais.

B’fhéidir nach dtiocfaidh ábhar chun solais a léireodh faillí rialtais, nó mífhreagracht, nó neamhshuim, ar a laghad. 

B’fhéidir go dtiocfaidh timpiste aniar aduaidh ar an rialtas, gan choinne, fearacht gach timpiste. 

B’fhéidir go mbeidh an rialtas slán ó gach buairt, ainneoin scéalta a theacht ón gCaisleán a chuirfidh alltacht ar mhórán.

Cá bhfios? Idir an dá linn, ní haon dochar cuimhneamh ar na timpistí a chuir deireadh le trí rialtas eile. Níor theastaigh ach cur chuige stuama polaitiúil leis na timpistí seo a leanas a sheachaint. Stuaim a bhí ar iarraidh.

1989: D’fhógair an Taoiseach Cathal Ó hEochaidh olltoghchán gan chiall nuair a vótáil an Dáil i bhfabhar rún a mhol (creid é nó ná creid) cúiteamh do haemaifiliaigh a fuair fuil thruaillithe ón stát. Chaill a rialtas, nach raibh ach dhá bhliain i gcumhacht, a mhóramh Dála. A bhuí le comhrialtas nua a bhunaigh siad leis an bPáirtí Daonlathach a d’fhan Fianna Fáil i gcumhacht.

1992: Thit an comhrialtas sin as a chéile nuair a chuir an Taoiseach Albert Reynolds i leith an Tánaiste Des O’Malley gur thug sé fianaise go mímhacánta ag binse fiosraithe. San olltoghchán a reáchtáladh gan mhoill, chaill Fianna Fáil lear mór suíochán. Bhunaigh an páirtí comhrialtas nua leis an Lucht Oibre.

1994: Thit an comhrialtas sin as a chéile nuair a chlis ar an muinín idir an dá pháirtí sa chomhrialtas, ar bhealach a bhí chomh casta nach féidir cur síos air anseo cheal spáis. Ní raibh olltoghchán riachtanach toisc gur bhunaigh Fine Gael, an Lucht Oibre agus Daonlathas Clé comhrialtas nua.

Fág freagra ar 'Ná cuir toghchán tobann as an áireamh agus binse Charleton i mbun fiosraithe'